Page:Ag séideadh agus ag ithe - Ua Laoghaire.djvu/76

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
66
Sliaḃ na mBan ḃFionn

7. “D’ḟéaċ sí i dtreó na leapṫan.” Cad ċuige? 8. Conus a ḃí an leabaiḋ? 9. An raiḃ aoinne ’sa’ tiġ? 10. Ar ċeap sí ansan gur taiḋreaṁ a deineaḋ ḋi? 11. Ar ḟéaċ sí in aon treo eile? 12. Cad é an treo é? 13. Agus an raiḃ an ċruaċ ṁór olla ann? 14. Aċ cad eile? 15. Ar ṫuig sí ansan conus a ḃí an sgéal? 16. Ar imṫiġeadar nuair a ḃí an obair déanta acu? 17. Cad ’na ṫaoḃ nár ṫuig sí fé ndeara ag imṫeaċt iad? 18. Nuair a ḋein sí maċtnaṁ orṫa agus nuair a ṫug sí ċun a cuíṁne iad cad a ṫuig sí ’na h-aigne? 19. Ar ṁeas sí go raiḃ an ṁórṡeisear breáġ ṫar na beartaiḃ 20. Aċ ar ḃuaiḋ an t-oċtṁaḋ bean orṫa go léir? 21. Agus cé’r ḃ’ í an t-oċtṁaḋ bean? 22. Dá mba ná beaḋ ann aċ an ṁórṡeisear ba an ndéarfaḋ sí gur mná breáġṫa deasa iad? 23. Aċ i n aice na mná a ḃí breóite cad é an saġas iad? 24. An raiḃ an ḃean aḃrais ag cuíṁneaṁ uirṫi? 25. Cad iad na ceisteanna a ḃain léi ná féadfaḋ sí a réidṫeaċ? 26. An raḃ ḟios aici cé’r ḃ’ í an ḃean ḃreóite? 27. Ná cad a ċuir an ḟanntais uirṫi? 28. Ná cad ’na ṫaoḃ nár laḃair sí? 29. B’ḟéidir ná raiḃ neart inti ċun labarṫa? 30. Cad a ṫug ann in ao’ċor í? 31. An raiḃ aon deallraṁ aici leis an gcuid eile? 32. Cad’na ṫoaḃ gur ṫugadar isteaċ leo í? 33. An raiḃ an sgéal ag cur na mná aḃrais trí na ċéile? 34. Ar ṫeip uirṫi é ṫuisgint? 35. Ar ċaiṫ sí eiriġe as?

GRAMADAĊ.

1. Cuir ’sa n-uiṁir iolraiḋ an ráḋ so:-

"Nuair a ḋúisiġ sí ar a codlaḋ ḃí sé ’n-a lá ġeal.

Ċruinniġ sí a meaḃair agus d’ḟéaċ sí n-a tímċeall."

2. “D’ḟéaċ sí i dtreo na leapṫan."

Cad is tuiseal do’n ḟocal “leapṫan"? Cad is tuiseal ainmneaċ dó? Cad is innscne dó?