Page:Ag séideadh agus ag ithe - Ua Laoghaire.djvu/73

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
63
Sliaḃ na mBan ḃFionn

14. Nuair airiġ sí é cad a ḋein sí? 15. Ar ḋein na leiġseana maiṫeas do’ṁnaoi ḃreoite? 16. Ar ṫáinig sí ċúiċi féin? 17. Cad a ḋein sí a ṫaisbeáin go raiḃ sí ag dul i ḃfeaḃas? 18. Ar iṫ sí aon ḃiaḋ? 19. Cé uaiḋ? 20. An ġaiḃ sí a buiḋeaċas léi toisc í leiġeas? 21. Ar laḃair sí in ao’ċor. 22. Ar ṫáinig sí ċúiċi féin go h-iomlán ? 23. Ar laḃair aoinne léi? 24. Cé laḃair agus cad duḃairt sí? 25. Ar ḋein an ḃean ḃreóite aṁlaiḋ? 26. Ar imṫiġ an ṁórṡeisean ban? 27. Ar laḃradar in ao’ċor? 28. Cé leis? 29. Cad duḃairt sí? 30. Cér ḃ’í “bean an ḃréidín"? 31. Cad ’na ṫaoḃ gur ṫugadar an ainm sin uirṫi? 32. An bréidín a ḃí ar siúḃal aici? 33. An aḋḃar bréidín snáṫ? 34. Agus cad eile cad dúḃradar? 35. Nár ṁaiṫ an ċaḃair é do’n ṁnaoi ḃoiċt? 36. Comáin leat agus innis dúinn an ċuid eile de’n leaṫ-rann? 37. An nduḃradar gur ḃfearr-de iad congnaṁ ḟáġail? 38. Congnaṁ ċun an ḃréidín do ḋéanaṁ, an eaḋ? 39. Aċ cad eile? 40. Ní ḟeadar an raḃdar ag tagairt do’n ċongnaṁ a ṫug an ḃean aḃrais dóiḃ nuair a leiġis sí an ḃean ḃreóite? 41. Agus an mar ġeall air sin a ḃíodar ag caḃrú léi?

GRAMADAĊ.

1. “An marḃ atá an ḃean san?” Ní h-eaḋ." "Níl aċ iarraċt de laige uirṫi." Cuir é sin ’sa n-aimsir ċaiṫte.

2. “Sín anois go fóil, a ’nín ó." Sgríoḃ go hiomlán an focal ’nín.

3. Abair ar ċuma éigin eile:- "Má’s bréidín seo ar siúḃal agat."

4. Cad é an deifiriġeaċt atá idir:- "Is fearr-de sinn congnaṁ ḟáġail” agus "Is fearr linn congnaṁ ḟáġail?”