Page:Ag séideadh agus ag ithe - Ua Laoghaire.djvu/74

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
64
Sliaḃ na mBan ḃFionn

5. Cuir isteaċ na focail atá i n-easnaṁ anso:-

(a) D’airiġ sí mar ḃeaḋ daoine - teaċt- an dorus ċúiċi (b) nuair ḟéaċ sí - an ualaċ. (c) d’eiriġ sí - ar a caḃail.

6. Cuir sa ṁóḋ ċoinġeallaċ, uiṁir iolraiḋ é seo:-

"Níor ḃ’ ḟada go dtáinig sí ċúiċi féin."

10. SLIAḂ NA MBAN ḂFIONN.

V.

CEAISTEANNA.

1. Cad a ḋein an ḃean a ḃí ag cainnt? 2. Caṫain a ċrom sí ar an obair? 3. Cad a ḋein sí nuair a ḃí na focail “is fearr-de sinn congnaṁ ḟáġail” ’á ráḋ aici? 4. Agus cad a ḋein an tarna bean? 5. Ar ḋíriġ sisi ar an obair do ḋéanaṁ leis? 6. Cé air gur ḟéaċ sisi? 7. Agus ar ṫosnuiġ an tríoṁaḋ bean ar obair agus an ċaint ċéadna ar siúḃal aici? 8. Cé air gur ḟéaċ an tríoṁaḋ bean? 9. Cad ċuige? 10. Ar ḋein an ceaṫraṁaḋ bean aṁlaiḋ? 11. An mar sin dóiḃ siar go deire? 12. ’Sa deire an mó duine acu a ḃí sáiḋte ’san obair? 13. Conus a roinneadar an obair eatorṫa? 14. “Agus iad ag obair ar seol.” An ndeallrófá air sin gur ḋaoine leisceaṁla iad? 15. An raiḃ an ḃean aḃrais sásta leo? 16. Cad a ċonaic sí a ċuir áṫas mór uirṫi? 17. An ḃfeadfaḋ sí féin an gnó ḋéanaṁ ċoṁ maiṫ is a ḋeineadar-san? 18. Conus a ḃí ḟios aici go raiḃ an cíoraḋ ní b’ḟearr ’ná mar ḟéadfaḋ sí féin é ḋéanam? 19. Conus a ḃí ḟios aici go raiḃ an slámaḋ ní b’fearr? 20. Conus a ḃí an snáṫ déanta acu? 21. Conus a ṫaiṫnaḋ sé leis na daoine go mba leo é? 22. Cad ’na ṫaoḃ go dtaiṫnaḋ sé ċóṁ maiṫ leo? 23. Cé’r ḃ’ iad fé ndeár é ḃeiṫ ċoṁ deas?