Page:Ag séideadh agus ag ithe - Ua Laoghaire.djvu/72

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
62
Sliaḃ na mBan ḃFionn

GRAMADAĊ.

1. “Nuair a ḃíoḋ an snáṫ toċraiste aici ’n-a ċeirṫlíníḃ deasa cruinne cruaḋa, ċuireaḋ sí aḃaile é ag triall ar an muíntir go mba leo é."

Cuir an abairt sin ’sa n-aimsir ḟáistiniġ.

2. Cuir “...na ċeirṫlíníḃ deasa cruinne cruaḋa” ’sa n-uiṁir uaṫaiḋ.

3. Cad is tuiseal do gaċ aon ainm díoḃ so síos agus cad is innscne ḋo? - (a) bean aḃrais ab eaḋ í. (b) agus deintí bréid de. (c) do ḋeineaḋ an táilliúir casóg de d’ḟear an tiġe. (d) ḃíoḋ solus árneáin aici. (e)Ḃíoḋ sí a d’iarraiḋ an riġnis do luiġeadú.

4. “Ḃíoḋ ní ba ṁó de’n olann aici." Cuir é sin ’sa n-aimsir Láiṫriġ.

5. “Go mairir agus go gcaiṫir é!" Cuir é sin i ḃfuirm mallaċta.

10.-SLIAḂ NA MBAN ḂFIONN

IV.

CEISTEANNA.

1. Nuair a ḃíoḋ an ḃean aḃrais ag árneán conus a ḃíoḋ an saoġal ag na daoine eile? 2. An ’na h-aonar a ḃíoḋ sí? 3. Oiḋċe áiriṫe agus í ag árneán cad d’ airiġ sí? 4. Cé ṫáinig an dorus isteaċ ċúiċi? 5. Cad a ḃí idir láṁaiḃ acu? 6. Ar aiṫin sí ar dtúis cad a ḃí acu ’á ṫaḃairt isteaċ? 7. Caṫain aiṫin sí é? 8. Agus cad é an rud é? 9. Cad a ḋeineadar léi? 10. Ar ḟan an ḃean aḃrais mar a ḃí aici ag obair? 11. Cad a ḋein sí? 12. Cad a duḃairt sí leo? 13. Cad é an freagra a fuair sí?