Page:Ag séideadh agus ag ithe - Ua Laoghaire.djvu/71

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.

61

10. -SLIAḂ NA MBAN ḂFIONN.

III

CEISTEANNA.

1. Cá raiḃ an ḃean ’na cóṁnuiġe? 2. Cad é an sliaḃ é? 3. An ar ṫaoḃ na foṫana a ḃí a tiġ? 4. Cad ’na ṫaoḃ go ndeirir é sin? 5. Cad é an sliġe ṁaireaċtaint a ḃí ag an mnaoi? 6. Tá ainm fé leiṫ ar a leiṫéid. Cad é féin? 7. Cad a ḋeineaḋ sí leis an olann? 8. Agus cá ḃfaiġeaḋ sí í? 9. An aṁlaiḋ ḟásann olann? 10. Cá ḃfásann sí? 11. Innis dúinn anois cad a ḋeineaḋ sí leis? 12. Agus a ṡníoṁaḋ sí é? 13. Cad leis? 14. An ndeineaḋ an túirnín snáṫ ḋi? 15. Cad a ḋeineaḋ sí leis an snáiṫín? 16. Conus a ḃíoḋ an an snáṫ toċraiste aici? 17. Nuair a ḃíoḋ na ceirṫlíní deasa déanta aici cá gcuireaḋ sí iad? 18. Agus na daoine go mba leo iad cad a ḋeinidís leo? 19. Cad ’na ṫaoḃ go gcuirtí ag triall ar an ḃfíġeadóir iad? 20. Cad deintí leis an mbréidín? 21. Cé ḋeineaḋ casóg de d’ḟear an tíġe? 22. An ḃfaiġeaḋ bean an tíġe aon ḃall éadaiġ de? 23. Agus aoinne a ċíoḋ an ċasóg nua ar an ḃfear nú an clóca ar a ṁnaoi cad deireaḋ sé? 24. An mbíoḋ an ḃean aḃrais ana-ḃruideaṁail? 25. An mbíoḋ sí ag obair i gcaiṫeaṁ an lae? 26. Agus an ḃféadaḋ sí teaċt suas leis an obair ansan? 27. Cad a ḟiafruiġeaḋ na daoine go mba leo é? 28. Cad a ḋeineaḋ an ḃean ḃoċt ċun an riġnis do luíġeadú? 29. An mbíoḋ solus na gréine aici? 30. Cad eile? 31. Cad’na ṫaoḃ go dtugtí solus árneáin air?