Page:Ag séideadh agus ag ithe - Ua Laoghaire.djvu/70

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
60
Sliaḃ na mBan ḃFionn

21. Cad a ċonnaic an leanḃ an lá san? 22. Ar ḃ’é dearṁad na seana-ṁná fé ndeár é? 23. Cad inmṫig ar an leanḃ dá ḃárr? 24. Ar ḃ’í an leanḃ a ḃí ann in ao’ċor? 25. Cad a ḃí na h-inead? 26. Cé ċuir ann í? 27. Ar sgiobaḋ an leanḃ? 28. Caṫain a cailleaḋ an iarlis? 29. An raiḃ na daoine ceanaṁail ar an leanḃ? 30. Cá ḃfios duit? 31. Cia’cu ba ṁó buairt na ndaoine nú buairt aṫar agus máṫar an leinḃ? 32. An raiḃ ḟios acu gur fuaduiġeaḋ an inġean áluinn a ḃí acu? 33. Cad a ċeapadar ’na ṫaoḃ? 34. Aċ na daoine tuisgionaċa a ḃí ann, cad a ṁeasadar san?

GRAMADAĊ.

1. ’Gurḃ’ar éigin ḟéadaḋ aoinne a ċíoḋ í a ṡúile tógaint di.

Fág amuiġ “gur” agus ansan abair an ráḋ ar ċuma éigin eile.

2. Cuir an ráḋ so ’sa n-aimsir láiṫriġ:- "Ḃíoḋ árd-ḟearg ar an leanḃ féin nuair a caiṫtí na seilí uirṫi, agus níor ḃ’ iongnaḋ san."

3. Abair ar ċuma éigin eile:- (a) do buaileaḋ ḃreóiḋte an leanḃ. (b) ba léir do gaċ aoinne.... (c) níor ḃ’ḟiú tráċt ar an mbuairt a ḃí ar aoinne seaċas an ḃuairt a ḃí ar aṫair an leinḃ.

4. Cad is tuiseal dos na ainmnḟoclaiḃ atá ṫuas i n-uiṁir a 3? - (a)leanḃ (c) an ḃuairt - ar aṫair an leinḃ.

5. Cad is innscne dos na h-ainmneaċa atá le fáġail i n-uiṁir a dó?