Page:Ag séideadh agus ag ithe - Ua Laoghaire.djvu/66

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
56
Cad a Ċam Srón Fírín?

5. Cad is Móḋ Coinġeallaċ dos na briaṫaraiḃ seo síos?- (a) “do ṡuiḋ Fírín ar lic an tínteáin." (b) d’ḟéaċ sí ar ṡrón an ṁaidrín. (c) Ṫug sí fé ndeara go raiḃ an tsrón cam. (d) “Cad a ċam srón Fírín?” arsa Méiḃ.

9.- CNÓḊÁ SEASGA.

CEISTEANNA.

1. ’Sa sgéal so an mór na fir a ḃí ag cainnt le ċéile? 2. Cér ḃ’iad féin? 3. Cad a ḃí ar siúḃal acu? 4. An ḃfuil ’ḟios agat-sa cé ḋein an ċéad aiġneas riaṁ? 5. Nár ḃ’é Fírín? 6. Cad duḃairt Seanaċán mar ġeall air? 7. Cad a ḃí le ráḋ ag Marḃán ’na ṫaoḃ? 8. Do réir Ṁarḃáin cé ḋein é? 9. Cad í an ċeist a ċuir Seanaċán ċun Marḃáin? 10. Cad duḃairt Marḃán? 11. Cad é an tiodal a ṫug Marḃán do Ṡeanaċán nuair a laḃair sé leis? 12. An Rí Seanaċaċán? 13. Cad eile? 14. Conus a ṫosnuiġ an ċéad toirmeasg riaṁ do réir Ṁarḃáin? 15. An mó duine a ṫroid? 16. Cad ’na ṫaoḃ gur ṫroideadar? 17. An raiḃ ’ḟios acu gur ċnóḋa seasga iad? 18. Dá mbeaḋ ’ḟios acu an dóiġ leat a’ dtroidfidís? 19. Ar ṫroideadar go fíoċṁar? 20. Cá ḃfios duit? 21. Ó! Dia linn! Náċ olc an gnó a ḋeineadar? 22. Ar osglaḋ na cnóḋa? 23. Caṫain? 24. Ar fuaraḋ lán iad? 25. An raiḃ aoinníḋ istiġ ionnta? 26. Cad é an saġas iad?