Page:Ag séideadh agus ag ithe - Ua Laoghaire.djvu/67

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
57
Cnóḋa Seasga.

27. Cad a ḃí aiges gaċ aoinne ’á ráḋ ansan? 28. Cad é an gnó díṫ-céille a ḋeineadar? 29. Náċ minic a ṫuiteann a leiṫéid sin amaċ, daoine ag troid le ċéile mar ġeall ar neaṁníḋ?

GRAMADAĊ.

1. Cad is innscne dos na h-ainmneaċa so síos agus cad is tuiseal dóiḃ? -

(a) do ṫroid beirt mar ġeall ar na cnóiḃ. (b) ní raiḃ ionnta aċ na plaoisg. (c) cnóḋa seasga do ḋein an ċéad toirmeasg riaṁ.

2. Cuir isteaċ na focail atá i n-easnaṁ anso : -

(a)--é Fírín a ḋein an ċéad aiġneas riaṁ? Deirim - é? (b)An cnóḋa seasga do ḋein é? Deirim gur -.

3. Cuir an méid seo ’sa n-aimsir láiṫriġ uiṁir uaṫaiḋ :- "Do h-osgalaḋ na cnóḋa, do fuaraḋ follaṁ iad, ní raiḃ ionnta aċ na plaoisg."

4. “Cnóḋa seasga ab eaḋ iad." Cuir an ráḋ sin ’sa n-uiṁir uaṫaiḋ.

10. - SLIAḂ NA MBAN ḂFIONN.

I

CEISTEANNA.

1. Cár ċóṁnuiġeadar Fionn agus an Ḟiann? 2. An raiḃ cailíní deasa le fáġail i n-Éireann an uair sin? 3. Cad imṫiġeaḋ ar ċuid acu? 4. Cad é an ċóṁact fé n-a gcuirtí iad? 5. Cad a tugtar ar an gcnoc úd? 6. Cad é an saġas áit-ċóṁnuiġṫe a ḃí istiġ ’sa ċnoc acu? 7. Ar ṁar a ċéile agus mná síḋe iad ansan? 8. Caṫain a ċítí iad? 9. ’S dóċa gur cailleaḋ fadó iad agus go ḃfuilid i ḃflaiṫeas Dé anois?