Page:Ag séideadh agus ag ithe - Ua Laoghaire.djvu/65

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
55
Cad a Ċam Srón Fírín?

36. I gceann tamaill cé ṫáinig isteaċ? 37. Agus cad a ḋein sí? 38. Ar ḃfada gur ṫáinig duine eile? 39. Cad a ḋein sise? 40. Ar ṫáinig na coṁarsain go leéir? 41. Cad ’na ṫaoḃ gur ṫánadar? 42. An ’na nduine a’s ’na nduine do ṫánadar? 43. Cad a ḋeineaḋ gaċ aoinne acu fé mar a ṫagaḋ sé? 44. Ar leaṫ an coíṁsgar? 45. Nuair a ṫagaḋ aonaċ nú margaḋ cad a ṫuiteaḋ amaċ? 46. An mbíoḋ na daoine a’marḃaḋ a ċéile? 47. A’dtuigidís cad ’na ṫaoḃ go mbídís ag bruiġean? 48. Nár ṁór an ṁí- ċiall ḋóiḃ é? 49. Cad ’na ṫaoḃ go ndéarfá é? 50. Agus aon stróinséir a ṫagaḋ an treo nuair a ḟiafrui- ġeaḋ sé cad fé ndeár an ḃruiġean cad é an freagra a tuiġtí air? 51. Agus ar ḃ’é Fírín fé ndeár an toirmeasg go léir? 52. Agus an mbíoḋ “cad a ċam srón Fírín?” i mbéalaiḃ na ndaoine? 53. Agus dá déargaiḃ sin an sean - ḟocal anois é? 54. An mar a ċéile “cad a ċam srón Fírín?” agus "neaṁníḋ"?

GRAMADAĊ. 1. Abair na ráiḋte seo síos ar ċuma éigin eile.

(a) Méiḃín ab ainm do ṁnaoi acu. (b) Ċeap Méiḋḃín é agairt uirṫi. (c) agus is tú is fearr ċuige. (d) siúd i gcoċall a ċéile iad. (e) “cad a ċam srón Fírín” a tugtaí mar ḟreagra air.

2. Cad is tuiseal dos na h-ainmneaċa so síos?-

(a) do’n ṁnaoi eile. (b) ar lic an tínteáin (c) tar éis na h-aimsire. (d) cad fé ndeár a ḃruiġean.

3. (a) “Ní caime anois a ṡrón ná mar a ḃí sí." (b) “agus tú is fearr ċuige."

Taḃair uait an ḃun-ċéim de “caime” agus “fearr."

4. “Beirt seana-ḃan a ḃí ’n a gcóṁnuiḋe i ḋá mboṫán beaga."

Cuir an abairt sin sa n-uiṁir uaṫaiḋ.