Page:Ag séideadh agus ag ithe - Ua Laoghaire.djvu/64

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.

54

8. CAD A ĊAM SRÓN FÍRÍN?

CEISTEANNA.

1. An mór na mná a ḃí ’na gcóṁnuiḋe i n-aice ’ċéile? 2. Ar ṁná óga iad? 3. An tiġṫe móra a ḃí acu? 4. Cad ab ainm dóiḃ? 5. An raiḃ dúil i mboṫántuiḋeaċt agus i gcabaireaċt acu? 6. Cá ḃfios duit? 7. An raiḃ gaḋairín ag duine acu? 8. Cia’cu ’cu? 9. Cad ab ainm do’n ġaḋairín. 10. A’dtaiṫneaḋ boṫántuiḋeact le Fírín leis? 11. Cad é an ċúis go ndeireann tú go dtaiṫneaḋ? 12. Nuair a ḃíoḋ Murainn agus Méiḃín agus Fínín i dteannta ċéile cois na teine i mboṫáinín Ṁurainn conus a ḃídís suiḋte ag an dteine? 13. Cad a ḃíoḋ ’á ḋéanaṁ ag an mbeirt ḃan? 14. Agus conus a ḃíoḋ Fírín? 15. Cad a ḋein Méiḃín, lá, nuair a ḃí fearg uirṫi? 16. Cad a ċuir an ḟearg uirṫi? 17. Agus ar ṫáinig sí, d’ aon ġnó, ċun é agairt ar Ṁurainn? 18. An lá so, adeirim, cé ḃí le na cois? 19. Car ṡuiḋ sí tar éis teaċt isteaċ di? 20. Cad a ḃí ’na h-aigne? 21. Bruiġean a ḃí uaiṫi, an eaḋ? 22. Ar ṫeip uirṫi aon ċúis aiġnis d’ḟáġail? 23. Fé ḋeire cad a ṫug sí fé ndeara? 24. Cad duḃairt sí mar ġeall air? 25. Agus cad is dóiġ leat a cuḃairt sí léi féin ansan? 26. An nduḃairt sí: - “Seaḋ! tá cúis faċta agam anois"? 27. Conus a ṫosnuiġ an t-aiġneas? 28. Cad é an freagra ṫug Murainn uirṫi mar ġeall ar ṡrón Fírín? 29. Ná raiḃ an ceart aici? 30. Agus nárḃ éactaċ an ropaire Méiḃín? 31. Ar ċuir freagra Ṁurainn tuille feirge ar Ṁéiḃín? 32. Cad duḃairt sí ansan léi? 33. Ar leanadar mar sin ag taḃairt droċ-ṫarcuisne d’á ċéile? 34. Fé ḋeire cad a ḋeineadar? 35. Agus ar ḟan Fírín macánta?