Page:Ag séideadh agus ag ithe - Ua Laoghaire.djvu/61

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
51
“Ḋá Ġé.”

4. An raḃadar ag siúḃal? 5. Cad a ċonnacadar ar an bpáirc? 6. Cia’cu ṫug fé ndeara ar dtúis iad? 7. Cad duḃairt sí? 8. Ar aontuiġ a fear léi? 9. Aċ cad eile? 10. Cé laḃair an tarna h-uair? 11. Nár aontuiġ a fear léi ansan? 12. Ar leanadar ag áiteaṁ ar a ċéile? 13. Fé ḋeire ar ṫáinig tormaṡ ar an mnaoi? 14. Cad ’na ṫaoḃ? 15. Agus cad a ḋein sí? 16. Ar ċóṁairliġ an fear di teaċt aḃaile? 17. Ar ḋein sí aṁlaiḋ? 18. Ar ċestiġ sí airís é? 19. Cad í an ċeist a ċuir sí ċuige? 20. Cad é an freagra léi? 21. Ar ṫaiṫn an freagra léi? 22. Ar eiriġ sí ar na stárṫaiḃ ansan ar fad? 23. ’Sa ḃuile agus ’sa’ bfeirg dí cad a ḋein sí? 24. Ar ġéill a fear di ansan? 25. Cad a ḋein sé nuair a ṫeip air í a ṫaḃairt aḃaile? 26. Cad ’na ṫaoḃ gur ṫug sé a h-aṫair agus a máṫair ann? 27. Ar ṫeip air féin aon ṁoṫú do ḃaint aisti? 28. Ar ċeap sé go n-éistfeaḋ sí leo súd? 29. Nuair a ṫanadar agus nuair a ċonacadar sínte ar an mbóṫar í ar ċeapadar go raiḃ sí marḃ? 30. Cad é an crot a ḃí uirṫi? 31. Ar leog sí uirṫi ḃeiṫ marḃ? 32. Ar ċeap a fear go raiḃ sí marḃ? 33. Ar leog sé air gur ċeap? 34. Cad deineaḋ leis an gcorp mar ḋéaḋ? 35. Ar deineaḋ í ṫórraṁ? 36. Cé ṫáinig go dtí ’n tórraṁ? 37. Oiḋċe an tórraiṁ cad a ḋein a fear a gan ḟios d’ aoinne? 38. Ar ṫug sé cogar do’n ċorp? 39. Ar ṫug sé cóṁairle a leasa ḋi? 40. Cad é féin? 41. Ar airiġ an corp í? 42. Conus é sin? Ċeapas ná féadfaḋ corp tu aireaċtaint? 43. Ar ġlac sí a ċoṁairle? 44. Aċ cad eile?