Page:Ag séideadh agus ag ithe - Ua Laoghaire.djvu/60

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
50
“Ḋá Ġé.”

76. Ar ċeap sé gur ċuir an sagart mallaċt éigin ar na buaċaillí nuair ná laḃraidís leis? 77. Ar iarr sé ar an sagart an ṁallaċt a ḃainc díoḃ? 78. Ar iarr sé go cruaiḋ air é? 79. Ar ċrom sé ar ġol? 80. Cad ’na ṫaoḃ? 81. Ar airiġ an sagart é? 82. Ar leog sé air gur airiġ? 83. Ar ṫug sé aon ḟreagra air. 84. Ar ṫáinig fearg ar an sagart? 85. Ar ṫuig sé ansan cad é an saġas Séamus boċt?

GRAMADAĊ.

1. Cuir na ráḋ so ar fad sa n-aimsir ḟáistiniġ:-

"Ceiṫre fiċid bliaḋan ó ṡin ḃí na cóṁnuiġe i gCarraig an Ime amadán gur b’ ainm dó Séamas."

2. Abair ar ċume éigin eile:-

(a) gur b’ ainm dó Séamus. (b) Do ṫárla go raib Séamus ’sa’ṗoḃul. (c)do ċas sé leo an peacaḋ a ḃí acu ’á ḋéanaṁ. (d) nuair a ṫeip ar Séamus a ċur ḟéaċaint ar aoinne aon tsuím do ċur ann. (e) do ċrom sé ar ġol.

3. Ċuir sé béic as ba ṫreise agus dob’aoirde ná an ċéad ḃéic."

Taḃair uait an ḃun ċéim do “ba ṫreise” agus “dob’aoirde."

4. “Áilteóirí garsún “ “aġaiḋ ḃéil." "Ag taḃair Aifrinn,” “Ċun buaċalla eile" "i gceann tamaill.” “le h-anam táṫar."

Cad is tuiseal do :- garsún , Aifrinn, tamaill, béil, buaċalla, aṫar?

5. Cad is tuiseal ainmneaċ ḋóiḃ?

6. Cad is inscne do:- Béic, Aifreann, suím, cogar, altóir, áit, peacaḋ?

7. ḊÁ ĠÉ.

CEISTEANNA.

1. Cad a ḃí ag teaċ aḃaile ó ṫig an tSagairt? 2. Cad a rug ann iad? 3. An raiḃ aoinne le na gcois?