Page:Ag séideadh agus ag ithe - Ua Laoghaire.djvu/62

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
52
“Ḋá Ġé.”

45. Ar ndó! d’ aontauiġ a fear léi ansan agus an treó ’na raiḃ sí? 46. Cad é an freagra a fuair sí uaiḋ? 47. Ar eiriġ sí ón mbórd? 48. An dóiġ leat ná go nduḃairt sí léi féin :- “Ṫaḃarfad- sa anaiṫe ḋó san i dtreó go gcaiṫfiḋ sé géilleaḋ ḋom"? 49. Agus cad is dóiġ leat a duḃairt a fear leis féin? 50. Ar ḟan sí mar a raiḃ aici sínte ar an mbórd? 51. Agus ar ṫug a fear cead a cinn di? 52. Ar ṫáinig lá na soċraide? 53. Cad deineaḋ leis an gcorp? 54. Ar ġluais an tsoċraid? 55. A’dtángaṫas ċun na roilige? 56. Nuair a ṫáinig an tsoċraid go dtí ’n roilig an raiḃ an uaiġ dúnta? 57. An raiḃ aon tsagart ag an soċraid? 58. Cad a ḋein sé ag an uaiġ? 59. Ansan cad a deineaḋ leis an gcóṁrainn? 60. Ar caiṫeaḋ cré isteaċ san uaiġ? 61. Cad leis? 62. Cár ṫuit an ċré? 63. Nuair a caiṫeaḋ an ċré anuas ar an gcóṁrainn cad a ṫárla? 64. Cad ’na ṫaoḃ gur sgread sí? 65. An raiḃ eagla uirṫi go gcuirfí beó i dtalaṁ í? 66. An cuiṁin leat na focail a duḃairt sí? 67. Cad a ḋein a fear nuair a riṫeadar? 69. An raiḃ an ḃean ḃoċt leaṫ-ṁúċta? 70. Naċ mór an iongnaḋ nár múċaḋ ar fad í? 71. Mar sin féin nár ġreannṁar an duine a fear agus í ċur ’na beaṫaiḋ? 72. An raiḃ sé dáiríriḃ in ao’ċor? 73. Cad ’na ṫaoḃ gur leog sé air í ċur? 74. Ar ṁúin sé ciall di? 75. Nuair a ṫógaḋ ar an gcóṁrainn í an raiḃ sí ana-lag? 76. Cá ḃfios duit? 77. Nuair a ṫáinig sí ċúiċi féin cár ġaḃdar? 78. Ag teaċt aḃaile ḋóiḃ cad a ċonacadar airís? 79. Canad? 80. Cé laḃair ar dtúis? 81. Cad duḃairt sí? 82. Ar dóiġ leat ar a cainnt go raiḃ ciall ċeannaiġ aici?