Page:Ag séideadh agus ag ithe - Ua Laoghaire.djvu/51

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
41
Dliġe an t-Soluis.

5. Cad é an freagre a ṫug an sagart orṫa? 6. An airig an ṁuintir óg an dlíġe roiṁis sin? 7. An iarradar ar an sagart a dliġe a d’ínsint dóiḃ? 8. An innis sé dóiḃ é? 9. An ḃfuil an dlíġe agat? 10. Abair é. 11. Nuair a ḃeaḋ prátaí agus feoil ag duine cad é an saġas soluis a ḃeaḋ aige? 12. Nuair ná beaḋ aige aċ prátaí ’gus bainne cad a ḃeaḋ mar ṡolus aige? 13. Dá mba ná beaḋ aċ prátaí agus salann aige an mbeaḋ aon ċoinneal aige? 14. Cad eile? 15. Cad é an biaḋ a ḃeaḋ ’á ċaiṫeaṁ ag an nduine go mbeaḋ geaitire giúise aige? 16. Cá ḃfuiġfí an ġiúir? 17. An ndeintí úsáid d’aon íle ,an uair sin, ċun soluis? 18. Na daoine go mbíoḋ prátaí agus feoil acu le n-iṫe, cad ’na ṫaoḃ gur ċoinneal ṁúnla a ḃíoḋ acu-san? 19. Na daoine, go mbíoḋ prátaí agus bainne mar ḃiaḋ acu, an raḃdar san boċt? 20. An mbíoḋ na daione ana-ḃoċt ar fad nuair ná bíoḋ acu aċ prátaí agus salann? 21. Cad é an ċúis ná bíoḋ coinneal ṁúnla acu-san? 22. Cia’cu is fearr?- Solus na gréine, nó solus na coinnle? 23. An ḃfuil dlíġe an t-soluis de ġlan-ṁeaḃair agat anois? 24. Na daoine a ḃí ag éisteaċt leis an sagart, conus a ṫaiṫn dlíġe an tsoluis leo?

GRAMADAĊ. 1. “’Tá,’arsa mise."

Abair é sin ar ċuma éigin eile.

2. “Is dóċa gur airiġ cuid agaiḃ an dlíġe sin."

Cuir i ḃfuirm ceiste é sin.

3. “Níor airíġeamair, innis dúinn é."

Cuir an abairt sin ’sa n-uiṁir uaṫaiḋ.