Page:Ag séideadh agus ag ithe - Ua Laoghaire.djvu/52

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.

42

4. TRÍ LEAṪṖINNÍ.

Ceisteanna.

1. Ḃí sgata buaċaillí i n-áit áiriṫe lá. Cá raḃdar? 2. Cad é an bríġ atá leis an ḃfocal “sgata"? 3. An ndeirtear “sgata caoraċ": “sgata géana"? 4. Cé’r leis an tig go raḃdar ann? 5. Cad a ṫug ann iad? 6. An ainm baistiḋe “Taḋg na n-uḃ"? 7. Cad eile? 8. Cé h-iad na buaċaillí a ḃí ’na ṫig? 9. An mó duine ar fad a ḃí ann? 10. Cad air gur ṡocaruiġeadar ’na n-aigne eatorṫa féin? 11. Cad dob’áil leo de sna cártaí? 12. Cá mbídís ag imirt? 13. Caṫain a ḃíoḋ cluiċe acu? Gaċ aon lá an eaḋ? 14. Caṫain a ḃíon na h-oiḋċeannta fada againn. 15. Caṫain a ḃíon na laeṫeannta gairid? 16. Cia’cu a b’ḟearr leat na h-oiḋċeannta fada nú na h-oiḋċeannta gearra? 17. Cad ’na ṫaoḃ? 18. An mór a ḋíol gaċ duine acu i gcóir na gcártaí? 19. An mór ar fad a ċosain an paca? 20. Taḃair tuairim fé? 21. Ar ceannuiġead na cártaí? 22. Ar ṫáinig an ċuideaċta? 23. Cad ċuige gur ṫánadar? 24. An raiḃ dúil ṁór ’sna cártaíḃ acu? 25. Ar ṫosnuig an imirt? 26. Cad é an ainm a ṫaḃarfá ar ḋuine a ḃeaḋ ag imirt ċártaí? 27. An mó cearrḃaċ a ḃí ag imirt? 28. Conus a ṫuit amaċ ar dtúis leo? 30. Conus a ḃí an imirt ag imeaċt? 31. An mó duine a ḃí ag breiṫ? 32. Conus a ḃí an sgéal ag an mbeirt eile? 33. Ar ṫaiṫn leo ḃeiṫ ag cailleaṁaint? 34. Ar ṫáinig fearg ar ḋuine acu? 35. Ar ḃris ar an ḃfoiḋne aige? 36. Cad ’na ṫaoḃ?