Page:Ag séideadh agus ag ithe - Ua Laoghaire.djvu/50

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
40
Dliġe an t-Soluis.

46. Cad a ḋein sí leis nuair a ġáir an ċuid eile? 47. An raiḃ Peadar óg a’ faire uirṫi? 48. Cad ḋein sé? 49. Naċ dóiġ leat go raiḃ sé droċ-ṁúinte agus a leiṫéid ḋéanaṁ? 50. Ar ṫáinig fearg ar a ṁáṫair? 51. An le neart spóirt a ḋein sé a leiṫéid a ḋéanaṁ? 52. Nár ġéar-ċúiseaċ, deisḃéalaċ an garsún é? 53. Cad duḃairt na daoine a ḃí a’ féaċaint ar an mbeirt? 54. Cad é an t-aguisín a ċuir Peadar le “dlíġe na n-uḃ"? 55. Abair “dlíġe na n-uḃ” anois dúinn, agus a t-aguisín ’na teannta. 56. An ṫaiṫn an t-aguisín leo go léir?

GRAMADAĊ.

1. “Bailiġ cuid des ba cóṁarsain isteaċ nuair airíġdar me ḃeiṫ tagaiṫe."

Dá mba ar an lá amáireaċ a ḃeiṫeá a’tráċt conus a déarfá é? (aimsir ḟáistineaċ.)

2. “Bailiġdís isteaċ nuair airiġdís me ḃeiṫ ann."

Dá mba ar an lá indiu a ḃeiṫeá ag tráċt conus a déarfá an abairt sin? (aimisir ġnáṫ-láiṫreaċ.)

3. “Cad é an saġas dlíġe é?"

Dá mbeaḋ níos mó ná aon dlíġe aṁáin ann conus a ċuirfá an ċeist?

4. “An lá so adeirim do ráinig go raiḃ blúire bíḋ againn ’á ċaiṫeaṁ."

Abair an ċainnt sin ar ċuma éigin eile.

3.- DLÍĠE AN T-SOLUIS.

CEISTEANNA.

1. Na daoine a ḃí ag éisteaċt leis an sagart ar laḃradar airís? 2. Cad duḃradar? 3. An ċuireadar aon ċeist ċun an tsagairt? 4. Cad í an ċeist í?