Page:Ag séideadh agus ag ithe - Ua Laoghaire.djvu/49

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
39
Dliġe na n-Uḃ.

11. An mbídís a’ gáirí? 12. Agus a ndeineaḋ san maiṫeas dóiḃ? 13. An raḃdar ’na suiḋe ċun búird lá? 14. An raiḃ aon leanbaí ’na measg? 15. An mó leanḃ a ḃí ann? 16. Cé’r ḃ’iad féin? 17. Peadar ab ainim do ḋuine de ’sna leanḃaíḃ, nár ḃ’eaḋ? 18. An ’na ṡuiḋe a ḃí sé? 19. Cá raiḃ sé ’na ṡeasaṁ? 20. An raiḃ gaol idir ṁáṫair Ṗeadair agus an fear a ḃí ag ínsint an sgéil? 21. Cad é an gaol é? 22. An mó bliain d’aois a ḃí Peadar an uair sin? 23. Cad é an saġas bíḋ a ḃí ar an mbórd? 24. An mó uḃ a ḃí iṫte ag an sgéalaiḋe nuair a laḃair duine éigin? 25. Cad duḃairt an duine sin nuair a ḃí an dá uḃ iṫte ag an sgéalaiḋe? 26. Cad ’na ṫaoḃ go nduḃairt sé “aṫair"? 27. Ó! an sagart a ḃí ag caint? 28. Cad é an freagra é siúd a ṫug an sagart orṫa? 29. An laḃair duine airís? 30. Cad duḃairt sé? 31. Agus cad é siúd duḃairt duine éigin eile? 32. Cad é an freagra a ṫug an sagart airís? 33. Cad duḃairt máṫair Ṗeadair ansan? 34. An laḃair an t-aos óg? 35. Cad duḃradar? 36. An airiġis riaṁ tráċt ar aon dliġe i gcoinniḃ uḃ aċ dliġe a’ trosgaiḋ? 37. Ar innis an sagart an dlíġe ḋóiḃ? 38. Má tá sé agat innis dúinn é? 39. An ḃfuil sé de ġlan-ṁeaḃair agat? 40. Cia’cu tiodal - fíor-ḋuinuasal; duinuasal; bodaċ; nú feile-ḃodaċ, a ḃeaḋ oireaṁnaċ duit-se? Cad ’na ṫaoḃ? 41. Na daoine a ḃí láiṫreaċ agus nár airig an dlíġ roimis sin, cad a ḋeineadar? 42. Cad a ḋein an ċuid eile de’n ċuideaċtain? 43. Cad a ḃí ’á iṫe ag máṫair Ṗeadair? 44. An raiḃ cuid ṁór de’n uḃ iṫte aici nuair a ġáireadar? 45. An raiḃ a leaṫ-uḃ ’na láiṁ aici?