Page:Ag séideadh agus ag ithe - Ua Laoghaire.djvu/48

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
38
Dliġe na n-Uḃ.

30. Naċ dóiġ leat gur ċailín foiḋneaċ í? 31. Ar ċeart do Nóra ḃeiṫ ag iṫe agus Máire ḃoċt a’ séideaḋ? 32. Cad ba ċeart di ’ḋéanaṁ? 33. An ceart do ḋuine duine eile a ḟágáil ċun a ġnóṫa ḋéanaṁ agus é féin díoṁaoin? 34. An ndeintear a leiṫéid ’sa’ tsaoġal go minic?

GRAMADAĊ.

1. Cuir i gcás, gur anois a ṫuitfeaḋ an sgéal amaċ, agus tú ḃeiṫ láiṫreaċ, conus a déarfá é?

Tosnuig mar sin:- “Tá M. agus N.,” etc., agus léig an sgéal tríd síos (aimsir láiṫreaċ) i dtreó go mbeiḋ ciall leis.

2. “Lá áiriṫe d’á raḃdar ’ġá n-ollṁú féin ċun a mbrrecfaist do ċaiṫeaṁ.” Dá mba ná beaḋ aċ Nóra aṁáin ann conus a déarfá é? (Cuir an abairt insa n-uiṁir uaṫaiḋ.)

3. “Nuair a ḃí ag iṫe a cuid bíḋ ḃíoḋ sí a d’iarraiḋ ḃeiṫ a’ séideaḋ.” Cuir i gcás go mbeaḋ beirt ann, conus a léiġfeá é? (Cuir an abairt ’sa n-uiṁir iolraiḋ.)

4. “Do doirteaḋ an t-uisge ar a láiṁ."

"Do ṡín sí amaċ a láṁ."

Cad ’na ṫaoḃ go ḃfuil deifiriġeaċt ’sa’ leitriú do’n ḟocal láṁ?

2.- DLÍĠE NA N-UḂ.

CEISTEANNA.

1. An fear a ḃí ag insint an sgéil? 2. Ca nduḃairt sé go raiḃ sé lá? 3. Cé iad a ḃailiġ isteaċ ’sa’ tig? 4. Cad ’na ṫaoḃ gur ṫanadar? 5. An aṁlaiḋ fuaradar cuireaḋ ċun teaċt? 6. An é an Béarla a ḃí acu d’á laḃairt? 7. An laḃraḋ aoinne Béarla an uair sin? 8. Cé h-iad na daoine a ḃíoḋ ann? 9. Cad a ḃíoḋ ar siúḃal acu? 10. An mbídís sultṁar?