Page:Ag séideadh agus ag ithe - Ua Laoghaire.djvu/47

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.

1. - AG SÉIDEAḊ AGUS AG IṪE.

Ceisteanna.

1. An mór na cailíní a ḃí ’na gcoṁnuiḋe i dteannta ċéile? 2. Cad iad na h-ainmneaċa a ḃí orṫa? 3. An raiḃ aoinne ’sa’ tig aċ iad? 4. An tig mór a ḃí aige’s na cailíní? 5. An raḃdar canaṁail ar a ċéile? 6. Cá ḃ’ḟios duit? 7. An ṫuit tionóisg amaċ? 8. Cé air gur imṫig an tionóisg? 9. Cad a ḃí ’á ḋéanaṁ acu nuair a ṫuit sé amaċ? 10. Cad a ḃí ’á ḋéanaṁ ag Nóra? 11. Cad ċuige an t-uisge beiriṫe? 12. cá raiḃ an t-uisge? 13. Cad d’imṫig ar a’ gciteal? 14. Cad air gur doirteaḋ an t-uisge? 15. An raiḃ sé ana-ṫeiṫ? 16. An ḋein sé aon díoḃáil? 17. Cad é an díoḃáil é? 18. An raiḃ a láṁ teinn? 19. Cad a ḋeineaḋ sí ċun an teinnis do ṁaolú? 20. An ndeineaḋ sí iarraċt ar rud eile do ḋéanaṁ idir gaċ aon dá ṡéideaḋ? 21. Ar eiriġ sé léi? 22. Ar airiġis riaṁ an sean ḟocal so: “Ní féidir ḃeiṫ ag iṫe mine agus a’ feaduíol? 23. Abair féin é? 24. An mbaineann sé leis an sgéilín seo? 25. Nuair a ḃí sé a’ ṫeip ar Nóra cad a ḋein sí? 26. Cad duḃairt sí nuair a ṡín sí amaċ a láṁ ṫeinn? 27. Ar iṫ Máire aon ḃrecfaist an lá úd? 28. An ċaiṫ sí fanaṁaint ċun go raiḃ a dóṫain iṫte ag Nóra? 29. An raiḃ ocras ar Ṁaire?