Page:Ag séideadh agus ag ithe - Ua Laoghaire.djvu/37

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
27
Sliaḃ na mBan ḃFionn

eal árneáin ar lasaḋ aici, agus í ’ġá socarú féin ċun na h-oiḋċe ċaiṫeaṁ ag obair. Do tógaḋ an laiste agus do h-osgalaḋ an dorus, agus ḃuail ċuici isteaċ an ċéad ḃean úd, agus caipín a clóca ar a ceann aici ċóṁ fada san amaċ nár ḟéad an ḃean aḃrais a ḋ’ḟeis- gint aċ an dá ṡúil, - aċ ḃí an dá ṡúil sin ar lasaḋ go géar agus go h-aibiġ. Ḋein sí suas ar an olann agus ṡáiḋ sí a ḋá láiṁ ann, agus duḃairt sí:

"A ḃean an ḃréidín, má’s bréidín seo ar siuḃal agat, Cíoram é, slámam é; is fearr-de sinn congnaṁ ḟáġail."

Is ar éigin a ḃí an focal deirineaċ ráiḋte aici nuair siúd isteaċ an tarna bean, agus caipín a clóca amaċ ar a ceann aici agus a ḋá súil ar dearg-lasaḋ fé’n gcaipín. Siúd ċun na h-olla í, agus ṡáiḋ sí a ḋá láiṁ ann, agus duḃairt sí an ċaint ċéadna. Ḃíodar ag teaċt ar an gcuma san go dtí go raiḃ trí naonḃair acu istiġ agus iad ag obair go dian.

Ḃí sgannraḋ ag teaċt ar an mnaoi aḃrais, aċ níor leig sí uirṫi go raiḃ. Ḃí ḟios aici go raiḃ droċ ḟuadar éigin fúṫa, aċ ḃí sí ag faire ċuici. Fé ḋeireaḋ do laḃair bean acu, an ċéad ḃean úd do laḃraḋ i gcóṁnuiḋe.

"Eiriġ, a ḃean an tiġe,” ar sisi, “agus cuir síos tuille teine ḋúinn. Tá an oiḋċe fuar."

Ní raiḃ an oiḋċe fuar. Agus ḃi teine ṁaiṫ sa tín- teán ċeana. Aċ d’eiriġ sí agus ċuir sí tuille móna