Page:Ag séideadh agus ag ithe - Ua Laoghaire.djvu/38

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
28
Sliaḃ na mBan ḃFionn

ar an dteine. Do leig sí uirṫi go raiḃ áṫas ana ṁór uirṫi mar ġeall ar an obair a ḃeiṫ acu ’á ḋéanaṁ ċóṁ tiuġ.

"Cuir an corcán mór san ṫall ar an dteine, a ḃean an tiġe,” arsa’n ḃean a laḃraḋ; “tá tart agus ocras ag teaċt orainn."

Corcán ana ṁór a b’eaḋ é. D’ḟéadfaí duine do ċur isteaċ ann agus é ḃeiriú ’n-a ḃeaṫaiḋ ann.

10. - SLIAḂ NA MBAN ḂFIONN.

XII.

Nuair a ḃí an corcán ar an dteine do laḃair an ḃean arís.

"Imṫiġ,” ar sisi, “agus taḃair leat uisge, agus cuir sa ċorcán san é, nó brisfear é. Tá an teine ró ṫeiṫ."

Ṫug an ḃean aḃrais fé ndeara iad go léir ag bag- airt ar a ċéile agus ag gáiriḋe fé n-a n-anál. Níor leig sí aon níḋ uirṫi. Do ṫóg sí crúsga léi, agus ċuaiḋ sí amaċ ċun an tobair, agus ṫug sí crúsga uisge isteaċ léi, agus ċaiṫ sí an t-uisge isteaċ sa ċorcán. Ní líonfaḋ fiċe crúsga agus corcán. Do leig sí uirṫi ana ḋiṫneas a ḃeiṫ uirṫi ag ruiṫ ċun an tobair agus ag teaċt, a d’iarraiḋ an ċorcáin do líonaḋ