Page:Ag séideadh agus ag ithe - Ua Laoghaire.djvu/36

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
26
Sliaḃ na mBan ḃFionn

síos. Ṫuigeadar é go maiṫ. Ḃí áṫas ana ṁór orṫa, níḋ nár ḃ’iongnaḋ. Ḃíodar ana ḃuiḋeaċ de’n ṁnaoi aḃrais, agus duḃradar léi arís agus arís eile go ndéanfaidís an ḃeart a ḃí déanta aici ḋóiḃ do ċúit- eaṁ léi.

Ṫáinig sí a-ḃaile, agus ḃí sí ag cur agus ag cúiteaṁ ’n-a h-aigne, féaċaint cad é an freagra ṫaḃarfaḋ sí ar na mnáiḃ uaisle úd nuair a ṫiocfaidís. Níor ṁeas sí go raiḃ aon ḟreagra a b’ḟearr a ṫaḃairt orṫa ’ná a ráḋ leó go dtáinig an cailín ċuici féin as an ḃfanntais agus gur imṫiġ sí. Nuair a ṫáinig an oiḋċe ḃí sí ag faire ċúici agus ag feiṫeaṁ. D’imṫiġ tosaċ na h-oiḋċe, agus níor ṫánadar. Ḃí lár na h-oiḋċe ann agus iad ag teaċt. Ṫuit a codlaḋ uirṫi ar an dtínteán, aċ níor ṫánadar. Ṫáinig an lá agus níor ṫánadar. Ṫáinig an oiḋċe arís agus níor ṫánadar. D’imṫiġ lá, agus ḋá lá, agus seaċtṁain, agus mí, agus níor ṫánadar ’n-a goire. D’imṫiġ an ḃliaḋain. Duḃairt sí léi féin ná tiocfaidís a ṫuille.

10. - SLIAḂ NA MBAN ḂFIONN.

XI.

Ḃí ḋá ḃliaḋain imṫiġṫe. Ḃí sí ag obair agus ana ċruaċ olla aici le cíoraḋ agus le slámaḋ agus le sníoṁ. Ḃí an oiḋċe tar éis tuitim, agus ḃí an ċoinn-