Page:Ag séideadh agus ag ithe - Ua Laoghaire.djvu/32

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
22
Sliaḃ na mBan ḃFionn

ḃ’ḟada go mbeaḋ an obair go léir déanta, agus déanta go maiṫ.

Ċomáineadar leó ag obair, go dtí go raiḃ an tsla- mairc ḋeirineaċ de’n olann ’n-a snáṫ, agus an snáṫ deirineaċ toċraiste ar an gceirṫlín deirineaċ, agus an ceirṫlín sin caiṫte ar an gcruaiċ ceirṫlíní a ḃí fásta sa ċúinne.

10. - SLIAḂ NA MBAN ḂFIONN.

VIII.

"Táim ana ḃuiḋeaċ díḃ, a uaisle,” arsa’n ḃean aḃrais; “ní fios caṫain a ḃeaḋ an méid sin oibre déanta agam dá mbeaḋ orm é ḋéanaṁ am’ aonar. Táim ana ḃuiḋeaċ díḃ, a uaisle!"

"Is ceart cóṁar do ḋíol, a ḃean ṁacánta,” arsa’n ċéad ḃean a ṫáinig isteaċ. “Ḋeinis-se ḋúinne an oiḋċe eile úd a ḃíomair anso níḋ ná raiḃ ar ár gcumas féin a ḋéanaṁ. Is é is luġa is gann dúinne teaċt agus an congnaṁ so ṫaḃairt duit-se. Ní fios ná go mb’ḟéidir go mbeaḋ gáḋ againn led’ ċaḃair arís."

"Agus is é is luġa is gann dóṁ-sa caḃair a ṫaḃairt uaim pé uair a ḃeiḋ gáḋ leis an gcaḃair,” arsa’n ḃean aḃrais.