Page:Ag séideadh agus ag ithe - Ua Laoghaire.djvu/31

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
21
Sliaḃ na mBan ḃFionn

10. - SLIAḂ NA MBAN ḂFIONN.

VII.

Do ṫárla, roinnt aimsire ’na ḋiaiḋ san, go raiḃ ualaċ mór olla aici arís le cíoraḋ agus le slámaḋ agus le sníoṁ agus le toċrais, go raiḃ eagal uirṫi ná tiocfaḋ léi go deó na h-aḃraisí ḃeiṫ ullaṁ i n-am aici do’n ṁuintir a ċuir ċuici iad. Ḃí lá ó ṁaidin caiṫte aici ag déanaṁ na h-oibre, ags ḃí éaċt de’n obair gan déanaṁ agus an oiḋċe ag tuitim. Ṫug sí léi solus árneáin, agus ṡocaruiġ sí ar an oiḋċe ṫaḃairt ag obair. Do las sí an solus, agus ċrom sí ar an obair. Ní raiḃ sí a-ḃfad ag obair nuair a h-osgalaḋ an dorus, agus ḃuail ċuici isteaċ bean agus caipín a clóċa amaċ ar a ceann aici. Ḋein sí suas ar an áit ’n-a raiḃ an ḃean aḃrais ag obair, agus ṡáiḋ sí a ḋá láiṁ san olann, agus

"A ḃean an ḃréidín, má’s seo ar siuḃal agat, Cíoram é, slámam é; is fearr-de sinn congnaṁ ḟáġail,"

ar sisi. Ní raiḃ aċ an dán beag ráiḋte aici nuair a ḃuail an tarna bean isteaċ, agus ṡáiḋ sí an dá láiṁ sa n-olann, agus duḃairt sí an leaṫ-rann céadna. Níor ḃ’ḟada go raiḃ an ṁórṡeisear acu istiġ, agus na láṁa sáiḋte san n-olann acu, agus iad ag obair go tiuġ. Ḃí ḟios ag na mnaoi aḃrais go maiṫ cé’r ḃ’iad a ḃí aici, agus ḃí áṫas mór uirṫi, mar ḃí ḟios aici nár