Page:Ag séideadh agus ag ithe - Ua Laoghaire.djvu/33

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
23
Sliaḃ na mBan ḃFionn

D’eiriġadar go léir, agus ṫarraingedar caipíní a gclócaí anuas ar a gceannaċaiḃ, agus d’imṫiġeadar.

Do deineaḋ an obair ċóṁ maiṫ san gur tugaḋ fé ndeara ar fuaid na cóṁarsanaċta feaḃas na h-oibre, agus gur ṁéaduiġ ar an gcúram a curtí ar an mnaoi aḃrais sin. Ṫagaḋ an olann ’n-a beartaiḃ móra troma ag triall uirṫi. Nuair a ḃíoḋ an iomad de’n obair aici le déanaṁ, agus gan ar a cumas teaċt air, pé díċeall a ḋéanfaḋ sí ná pé árneán a ḋéanfaḋ sí, ṫagaḋ an ṁórṡeisear agus ḋeinidís an obair di.

Fé ḋeire ṫáinig an t-am go raiḃ an leanḃ úd aduḃ- raḋ, go raiḃ sí ag dul ċun báis, agus an ḃuairt go léir ar a h-aṫair agus ar a máṫair. Ansan ṫáinig an t-am ’n-a raiḃ daoine tuisgionaċa ’ġá ráḋ nár ḃ’í an leanḃ féin a ḃí ann i n-aon ċor; gur fuaduiġeaḋ an leanḃ féin, agus ná raiḃ sa leabaiḋ ansiúd aċ iarlis a fágaḋ ann nuair a fuaduiġeaḋ an leanḃ. Ansan ṫáinig an t-am agus fuair an iarlis bás.

10. - SLIAḂ NA MBAN ḂFIONN.

IX.

An oiḋċe ċéadna a fuair an iarlis bás, ṫáinig an ṁórṡeisear isteaċ go dtí an ḃean aḃrais, agus cailín acu agus iad ’á h-iomċar eatarṫa, díreaċ mar a ḃí an ċéad uair úd.