Page:Ag séideadh agus ag ithe - Ua Laoghaire.djvu/14

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.

4

3.—Dliġe an tSoluis.

“An ḃfuil aon dliġe eile agat, a aṫair?” ar siad go léir.

“Tá,” arsa mise; “dliġe an tsoluis. Is dóċa gur airiġ cuid agaiḃ ċeana an dliġe sin.”

“D’airiġeamair, a aṫair,” arsa’n ṁuintir aosta.

“Níor airiġeamair,” arsa’n ṁuintir óg. “Innis dúinn é, a aṫair.”

“Sidé dliġe an tsoluis,” arsa mise:—

“Prátaí agus feóil—coinneal ṁúnla.

Prátaí agus bainne—coinneal túmṫa.

Prátaí agus salann—geaitire giúise.”

Ḃí sult agus gáirí arís againn, go mór mór ó’n muintir nár airiġ an dliġe sin riaṁ roimis sin.

4.—Trí Leaṫṗinní.

Ḃí sgata buaċaillí óga ṫiar i dtiġ Ṫaiḋg na n-Uḃ lá. Ḃí Seán Ṁáire Ní Ṫuaṫaiġ ann, agus Seán ua h-Iarḟlaiṫe, agus triúr nó ceaṫrar eile. Ṡocar- uiġeadar ’n-a n-aigne go gceannóċaidís paca cártaí agus go mbéaḋ cluiċe cártaí acu i dtiġ Ṫaiḋg anois agus arís, an ḟaid a ḃéaḋ na h-oiḋċeanta fada ann. Ċuireadar síos trí leaṫṗinní an duine acu ċun na gcártaí ċeannaċ. Do ceannuiġeaḋ na cártaí agus