Page:Ag séideadh agus ag ithe - Ua Laoghaire.djvu/15

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
5
Trí Leaṫṗinní.

ṫáinig an ċuideaċta an ċéad oíḋċe agus ṫosnuiġ an imirt. Ċuaiḋ gaċ aon rud ċun cinn go maiṫ ar feaḋ tamaill. Ḃí beirt ag breiṫ agus an ḃeirt eile ag cailleaṁant. Ḃí ag dul d’á ḟoiḋne ag duine de’n ḃeirt a ḃí ag cailleaṁaint. Do ḃris ar an ḃfoiḋne aige fé ḋeireaḋ.

“Tá calaois agat ’á ḋéanaṁ!” ar seisean le duine de’n ḃeirt eile.

“Ṫugais d’éiṫeaċ!” arsa’n fear eile.

“Ṫugais-se t’éiṫeaċ agus do ḋearg-éiṫeaċ!” arsa’n ċéad ḟear.

“Cuirfiḋ mé púnt airgid leat ná fuil aon ċalaois aige ’á ḋéanaṁ!” arsa duine de’n ḃeirt a ḃí ag breiṫ, agus ṫarraing sé nóta púint as a ṗóca agus ḃuail sé ar an mbórd é le foṫram.

“B’ḟéidir,” arsa’n tarna fear de’n ḃeirt a ḃí ag cailleaṁaint, “ná fuil nóta púint aige, gur nótaí móra atá aige. Cuirfead-sa nóta trí bpúnt leat-sa go ḃfuil an ceart aige!”

Do ċrom Seán Ṁáire Ní Ṫuaṫaiġ ar na cártaíḃ do ḃailiú ċuige fé mar a ḃéaḋ sé ċun iad do ṡuaṫaḋ agus do raint. Nuair a ḃíodar ’n-a láiṁ aige do ḋruid sé anonn ċun na teine agus ċuir sé isteaċ sa teine iad! Níor laḃair aoinne. Do las na cártaí agus do dóġaḋ iad. Ḃí gaċ aoinne ciúin. Tar éis tamaill do laḃair Seán ua hIarḟlaiṫe:—

“Seaḋ!” ar seisean. “Siniad ár dtrí leaṫṗinní imṫiġṫe gan aon ṁaiṫ go deo!”