“Ḃéaḋ sé i gcoinniḃ dliġe na n-uḃ,” arsa mise.
“Andaiġ is fíor,” arsa máṫair Ṗeadair.
“Cad é an saġas dliġe é?” arsa cuid de’n ṁuintir óg. “Níor airiġeamair riaṁ a leiṫéid a ḃeiṫ ann. Níor airiġeamair riaṁ aon dliġe ḃeiṫ i gcoinniḃ uḃ aċ dliġe an trosgaiḋ. Cad é an dliġe é, a aṫair?”
“Sidé an dliġe,” arsa mise:—
“Uḃ—fíor ḋuinuasal;
Ḋá uḃ—duinuasal;
Trí h-uiḋe—bodaċ,
Ceiṫre h-uiḃe—feile-ḃodaċ!”
Do ṗléasg an ṁuintir nár airiġ an dliġe sin riaṁ ar ġáirí. Do ġáir an ċuid eile i n-aonḟeaċt leó. Ḃí uḃ ag máṫair Ṗeadair óig ’á ḋ’iṫe. Ḃí a leaṫ iṫte aici. Nuair a ġáireadar go léir do ċuir sí an leaṫ-uḃ uaiṫi ar an gclár agus ġáir sí leó. Ba ṁaiṫ an ṁaise ag Peadar óg é, do ṡnap sé uaiṫi an leaṫ-uḃ agus, “Leaṫ-uḃ—beanuasal!” ar seisean, agus d’iṫ sé féin an leaṫ-uḃ.
“Ó,” arsa gaċ aoinne, “tá aguisín curṫa leis an ndliġe sin ag Peadar!”
Geallaim-se ḋaoiḃ, má ḃí sult agus spórt agus gáirí i dtaoḃ dliġe na n-uḃ, go raiḃ sult agus spórt agus gáirí ba ṁó ’ná mar ġeall ar an aguisín a ċuir Peadar óg leis.