2
2.—DLIĠE NA N-UḂ.
Ḃíos lá ṫiar sa tsean’ áit, san áit ’n-ar rugaḋ agus ’n-ar tógaḋ mé. Ḃailig cuid des na cóṁarsain isteaċ nuair airiġeadar mé ḃeiṫ tagaiṫe. Ḃailiġdís isteaċ i gcóṁnuiḋe nuair airiġdís mé ḃeiṫ ann. Ḃíoḋ a lán cainte agus a lán spóirt againn, agus ní laḃraḋ aoinne aon ḟocal Béarla an uair sin. Ḃíoḋ Beití ann, beannaċt Dé le n-a hanam! agus Seán, agus Peig, agus Diarmuid, agus ní túisge a ḃíoḋ sgéal beag éigin sultṁar innste ag duine ’ná mar a ḃíoḋ sgéal beag éigin ba ṡultṁaire ’ná é le h-innsint ag duine eile, i dtreó go ndeininn féin dóiṫin seaċtṁaine de ġáirí agus gur b’ḟearrde mé é.
An lá so adeirim do ráinig go raiḃ blúire bíḋ againn ’á ċaiṫeaṁ. Ḃí beirt nó triúr leanḃ ag an mbórd, clann driṫár dom. Ḃí duine des na leanaíḃ agus Peadar ab ainm dó. Ḃí sé ’na ṡeasaṁ i n-aice a ṁáṫar, i n-aice mná mo ḋrioṫár. Ḃí sé timċeall oċt mbliaḋna d’aois an uair sin.
Ḃí uiḃe cearc ar an mbórd, agus ḃí ḋá uḃ iṫte agam-sa.
“Iṫ uḃ eile, a aṫair,” arsa duine éign.
“Ní íosfad,” arsa mise, “béad sé i gcoinniḃ na dliġe."
“Cad é an dliġe?” arsa duine.
“An nóin ní lá trosgaiḋ an lá indiu,” arsa duine eile.