Page:Aesop a tháinig go h-Éirinn, Cnuasach a II.djvu/9

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

5

an tarḃ, nó an fiaḋ. Dá mb’ é an pocán féin é, feuċ an ḋá aḋairc atá air, ċóṁ mór ċóṁ breaġ, agus é féin ċóṁ beag. Ní’l orm-sa aċ an dá ċluais ṁóra so, ḋá leaḋb gan ṁaiṫ.”10

“Eist anois,” arsa’n t-apa. “Ní’l aon ċúis ġearáin agat seaċas mar atá agam-sa. Mura ḃfuil aḋarca ort, tá earball ort. Feuċ an cor atá orm-sa agus gan aḋarc ná earball orm! Tá ḋá ċluais ḃreaġṫa ṁóra ort, bíoḋ ná fuil15 aon ṁeas agat féin orṫa. Nuair a ṫógann tú i n-áirde iad ba ḋóiċ le h-aoinne gur ḋá aḋairc iad. Dá mbeidís orm-fa ba ḋóiċ liom go mbeinn tógṫa leó. Ní ḟeuċfaḋ mo plaoisgín ċóṁ maol agus ḟeuċann sé. Agus an t-earball; ní ḟeadaraís20 i n-aon ċor cad é an compórd duit an t-earball san a ḃeiṫ ort.”

Ḃí an caoċán ṫíof fé’n ḃfód agus é ag éisteaċt leis an mbeirt. Do laḃair sé uaiḋ aníos leó.

“Tá an iomad cainte agaiḃ,” ar seisean.25 “Tá ḋá ṡúil ṁaiṫe ag gaċ aoinne agaiḃ. Dá mbéad siḃ gan súile mas atáim-se is ró ḃeag an ḃuairt a ḋéanfaḋ aḋarca ná earball daoiḃ.”

An Múineaḋ.

“An luiḃ ná faġtas is í ḟóireann.”30

I n-ionad ḃeiṫ ag gearán mas ġeall ar neiṫiḃ ná fuil agat, cuiṁniġ ar na neiṫiḃ atá agat, agus bíoḋ áṫaf ort mar ġeall orṫa, agus bí buiḋeaċ de Ḋia a ṫug duit iad.