Page:Aesop a tháinig go h-Éirinn, Cnuasach a II.djvu/8

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

4


20 arsa’n t-uan, agus sgannraḋ ag teaċt air nuair a ċonnaic sé an teine i súiliḃ an ṁaċtíre agus an cúḃar le n-a ḃéal, “ni mise a ḃí ag tromaiḋeaċt ort an lá san, mar ní raḃas ar an saoġal i n-aon ċor an uair sin.”

25 “Feuċ!” arsa’n maċtíre, “mar a ṫugann sé an t-éiṫeaċ dom suas le m’ béal! Mura raḃais-se ’ġá ḋéanaṁ ḃí t’aṫair ’ġá ḋéanaṁ, agus bainfiḋ mé sásaṁ díot-sa anois as.”

Agus do rug sé ar an uan, agus ṁairḃ sé é 30 agus d’iṫ sé é.

An Múineaḋ.

Ní raiḃ rógaire ríaṁ fós gan a ḋóiṫin féin de leiṫsgéal aige ċun na h-éagcóra ḋéanaṁ.

“Seaċain an ḋroċ-duine agus ní baoġal duit 35 an ḋuine macánta.”

Mo ṫruaġ an ceart nuair a ḃíonn sé gan neart.


2.—AN t-ASAL AGUS AN t-APA AGUS AN CAOĊAN.

Ḃí an t-asal agus an t-apa lá ag cásaṁ a ndeacraí.

“Naċ truaġ an sgéal agam-sa é,” arsa’n t-asal, “agus gan pioc des na h-aḋarcaiḃ orṁ. 5 Dá mbéaḋ aḋarca orm naċ ḃreaġ a ḋ'féaḋfainn mé féin a ċosaint ar naṁaid, fé mar a ḋeinean