Page:Aesop a tháinig go h-Éirinn, Cnuasach a II.djvu/7

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

AESOP

A ṪÁINIG GO h-ÉIRINN.

AN TARNA CNUASAĊ.


1.—AN t-UAN AGUS AN MAĊTÍRE.

Ḃí an lá ana ḃroṫallaċ. Ḃí an sruṫán ag riṫ go ceólṁar le fánaiḋ an ġleanna. Ḃi tarṫ ar an uan agus ṫáinig sé go ḃruaċ an tsruṫáin ċun díġe ḋ’ól. Le n-a linn sin ṫáinig an maċtíre, tamall suas ó’n áit ’n-a raiḃ an t-uan, agus ḃí5 sé ag ól díġe. Ċonnaic sé an t-uan. Do laḃair sé.

“Greadaḋ ċugat, a rud ṡalaiġ,” ar seiṡean, “cad ċuige ḋuit ḃeiṫ ag sailiuġaḋ an uisge orṁ?”10

“Gaḃaiṁ párḋún agat, a ḋuine uasail, arsa’n t-uan, “ní ḟéadfainn-se an t-uisge ṡailiuġaḋ orṫ-sa, ṁar is anuas uait-se ċugam-sa atá an sruṫán ag riṫ.”

“Is cuma san,” arsa’n maċtire, “mura15 ḃfuileann tú ag sailiuġaḋ an uisge anois orm ḃís ag cúl-ċaint orṁ agus ag tromaiḋeaċt orṁ le ḋ'ṁáṫair, ḃliaḋain agus lá amáireaċ.”

“Gaḃaim párḋún agat arís, a ḋuine uasail.”