Page:Aesop a tháinig go h-Éirinn, Cnuasach a II.djvu/10

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

6

3.—AN MADA-RUAḊ AGUS AN CAT.

Do ṫárla mada-ruaḋ agus cat lá ag siúḃal tré ċoill. Ḃíodar ag tráċt ar ġaḋaraiḃ agus ar conus ab ḟéidir dul uaṫa.

“Ní’l aon ḃeann agam-sa orṫa mar ġaḋaraiḃ,” 5arsa’n mada-ruaḋ. “Ní’l aon ċuma i n-a ḃféadfaidís teaċt ar mo ṫóir ná fuil ar mo ċumas dul uaṫa le cleas.”

“An ’mó cleas atá agat?” arsa’n cat.

“Ní ḟéadfainn iad a ċóṁaireaṁ duit.” ar 10seisean, “tá oiread san agam díoḃ. An ’mó cleas atá agat féin ċun dul uaṫa?” ar seisean.

“Ní’l agam, foraoir,” ar sise, “aċ an t-aon ċleas aṁáin.”

15“Agus má ṫeipeann an cleas san cad a ḋéanfair?” arsa’n mada-ruaḋ.

“Andaiġ,” ar sise, “aċ má ṫeipeann an cleas san táim-se réiḋ.”

“Aċ, mo ṫruaġ ṫú!” ar seisean.

20Le n-a linn sin d’airiġeadar glam na ngaḋar a ḃí ag teaċt ar saoṫar. Do sgiúrd an cat suas crann agus ṡuiḋ fí ṫuas ar ċeann des na géagaiḃ uaċtaraċa ag faire ar an spórt. Do ċrom an mada-ruaḋ as a ċuid cleas go léir a ḋ’imirt. 25D’eiriġ leis ar feaḋ i ḃfad, aċ fé ḋeireaḋ do rugaḋ air agus ċonnaic an cat na gaḋair ’ġá stracaḋ as a ċéile.