Page:Aesop a tháinig go h-Éirinn, Cnuasach a II.djvu/11

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

7

“Seaḋ,” ar sise, “is fearr an t-aon ċleas aṁáin seo atá agam-sa ’ná na mílte cleas úd a ḃí agat-sa.”30

An Múineaḋ.

Dein aon ġnó aṁáin agus dein go maiṫ é, agus ḃí ’ġá ḋéanaṁ i gcóṁnuiḋe, agus ná bí ag riṫ ó ġnó go gnó.

Is fearr aon ġnó aṁáin a ḋ’eireóċaiḋ le duine35 ’ná ḋá ġnó ḋéag a ċaillfiḋ air.

Ná dein maoiḋeaṁ as do ġníoṁ go dtí go ḃfeicfear do ġníoṁ. Ansan ní gáḋ duit an maoiḋeaṁ a ḋéanaṁ. Déanfaiḋ an gníoṁ féin é.


4.—AN CAT AGUS NA LUĊAIĠ.

Ḃí muintir an tíġe ciapaiṫe ag luċaiġ. Do ṡoláṫruiġeadar cat. Cat maiṫ aḃ eaḋ é. Ní raiḃ aon oíḋċe ná h-iṫeaḋ sé cuid ṁaiṫ des na luċaiġ. Nuair a ṫuig na luċaiġ go raiḃ an dísgiuġaḋ d’á ḋéanaṁ orṫa ċuadar i gcóṁairle,5 feuċaint cad ba ċeart a ḋéanaṁ. Do socaruiġeaḋ ar gan aon luċ do ṫeaċt ní b’ ísle ’ná an clár uaċtaraċ aon oíḋċe feasta. Ní raiḃ ar ċumas an ċait dul ċóṁ h-árd leis an gclár uaċtaraiġ, agus níor ḟéad sé breiṫ ar a ṫuilleaḋ des na luċaiġ.10 Ḃí ocras air. Ċuiṁniġ sé ar ṡeift. Ḃí bacán i gceann des na cláraċaiḃ iaċtaraċa. Do ċeangail sé a ċosa deiriḋ sa ḃacán, agus do