Page:Aesop a tháinig go h-Éirinn, Cnuasach a II.djvu/12

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

8

leig sé d’á ċeann agus d’á ċaḃail ḃeiṫ ar sileaḋ 15síos i dtreó gur ḋóiċ le duine go raiḃ sé marḃ agus go raiḃ sé ar croċaḋ as a ċosaiḃ deiriḋ. Ċonnaic na luċaiġ é.

“Ó,” ar siad, “tá sé marḃ! Tá sé marḃ! Téanam síos anois ar na cláraċaiḃ eile go 20n-iṫeam ár ndóiṫin.”

“Fanaiḋ go fóil,” arsa seana luċ a ḃí orṫa, agus d’feuċ sí síos ar an gcat agus é ar croċaḋ as an mbacán.

“Taoi’nn tú ansan, a ropaire!” ar sise. 25“Má taoi’nn tú marḃ is maiṫ an sgéal é. Ní ḟeadar an doṁan. B’ḟéidir go ḃfuileann tú marḃ, aċ am’ ṫaoḃ-sa ḋé dá mbeiḋfeá ċóṁ marḃ le h-Art ní ḃéaḋ aon iontaoiḃ agam asat. Ní ḃéaḋ aon iontaoiḃ agam asat dá mba ná ḃéaḋ 30ann aċ do ċroiceann agus é stupaiṫe le tuiġe, feuċ!”

Do léim cuid des na luċaiġ óga síos. Ḃí an t-ocras orṫa agus ḃí an biaḋ ar na cláraċaiḃ iaċtaraċa. D’ḟan an cat mar a raiḃ aige go 35dtí go raib cuid ṁaiṫ acu ṫíos, Ansan do sgaoil sé uaiḋ an ḃacán agus ar leagaḋ na súl ḃí leaṫ-dosaon acu marb aige.

An Múineaḋ.

“Ná bíoḋ iontaoiḃ agat a’ cois deiriḋ an ċapaill 40ḃáin go dtí go ḃfeicfir ag imṫeaċt í ar ġualainn an ṁadra.”