9
Ná bíoḋ aon iontaoiḃ ċoíḋċe agat as do naṁaid aicionta, pé cor a ṫaḃarfaiḋ ṡé ḋó féin.
5.—AN LEÓṀAN AGUS ROINNT EILE BEIṪIḊEAĊ.
Ḋein an leóṁan agus roinnt eile beiṫiḋeaċ ceangal caradais le n-a ċéile. Ċuadar ċun cóṁnuiġṫe i lár na coille móire. D’iṁṫiġeadar lá ag fiaḋaċ. Ṁarḃuiġeadar fiaḋ breaġ mór beaṫuigṫe. Ḃí triúr eile láiṫreaċ nuair a leagaḋ5 an fiaḋ, ceaṫrar acu ar fad. Do roinneaḋ an tseilg. Do deineaḋ ċeiṫre coda go cruinn de’n ḟiaḋ. D’ḟeuċ an leóṁan sa tíṁpal ar an dtriúr eile. Ċonnaic sé an beiṫir ag feuċaint ar ċeaṫraṁain de’n ḟeóil. Ḃuail sé lapa leis ar10 an gceaṫraṁain sin.
“Is liom-sa an ċeaṫraṁaḋ so,” ar seisean, “ó ċeart mo ṡinnsear.”
Ċonnaic sé an fiaḋ-ċat agus an beiṫir i n-aon- ḟeaċt ag súil-ḟeuċaint ar an gceaṫraṁain15 eile agus iad ag tosnuġaḋ ar ḋranntuġaḋ ċun a ċéile. Ḋruid sé anonn agus ḃuail sé lapa ar an gceaṫraṁain sin.
“Is liom-sa an ċeaṫraṁaḋ so,” ar seisean; ‘mo ċion de’n tseilg. Aguṡ ’ṡ lioṁ an píosa20 eile seo,” ar seisean, “mo ḋualgas ríġ. Agus i dtaoḃ an ṗíosa ḋeireannaiġ seo,” ar seisean, “tógfad féin é, mar tá ḟios agaṁ naċ mór liḃ