Page:Aesop a tháinig go h-Éirinn, Cnuasach a II.djvu/14

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.

10

dom é. Má tá aoinne agaiḃ gur mór leis dom 25é ní’l aige aċ laḃairt,” agus d’ḟeuċ sé sa tímpal orṫa agus ċonnacadar an droċ ṡeafaṁ i n-a ṡúilib.

Níor laḃair aoinne acu.

An Múineaḋ.

30“Roinnt na cailliġe mar is áil léi féin é.”

Ná dein comrádaiḋeaċt le daoine is treise ’ná ṫú, nó ġeóḃair “roinnt na cailliġe.”

Nuair adeir an ríġ, “dá mb’áil leat é ḋéanaṁ,” is ionann san agus “Ní foláir duit é ḋéanaṁ.”

35Tugtar úṁluiġeaċt do’n láṁ-láidir, aċ úṁluiġeaċt ḃréagaċ is eaḋ í. Úṁluiġeaċt a ġearrfaḋ sgórnaċ is eaḋ í go minic.


6.—AN LEÓṀAN AGUS AN LUIĊÍN.

Ḃí an lá broṫallaċ, agus ḃí tuirse agus codlaḋ ar an leóṁan. Do ṡín sé ag bun carraige, agus ba ġearr go raiḃ sé ’n-a ċodlaḋ go sáṁ. Ṫáinig na luċaiġ amaċ sa ḃroṫall agus ḃíodar ag 5daṁas ’n-a ṫímpal. Ċuaiḋ luiċín acu ró ċóṁgaraċ d’á ḃéal i dtreó gur ḋúisiġ sí é as a ċodlaḋ. Ḃuail sé lapa uirṫi, aċ níor luiġ sé uirṫi puinn.

“Ó, a ríġ onóraiġ,” ar sise, “ná mairḃ mé! Ní h-aon ġaisge do t’ onóir ruidín ċóṁ suaraċ