Page:Aesop a tháinig go h-Éirinn, Cnuasach a II.djvu/43

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

39

le droċ-ġníoṁ a ḋéanfair an leiġeas taḃarfaiḋ an droċ-ġníoṁ olc ort a ḃeiḋ níosa ṁeasa ná an t-olc a ḃí roimis.

“Do ḃuail clog sa ċill agus níor ḃinn é an clog, 30
Do ḃuail clog eile sa ċill a ḋein clog binn de’n
ċlog.”
“D’á olcas é Séadna
Is measa ḃeiṫ i n-a éaġmuis.”


27.—AN GIRRḞIAḊ AGUS AN MADA RUAḊ AGUS IÚPITER.

Ṫáinig an girrḟiaḋ agus an mada-ruaḋ i láṫair Iúpiter ċun aċainiġe a ḋ’iarfaiḋ air.

“Cad tá uait-se?” arsa lúpiter leis an ngirrḟiaḋ.

“Tá, a Ṡoillse,” arsa’n girrḟiaḋ, “go dtaḃarfaí 5 gliocas an ṁada-ruaiḋ ḋom.”

“Agus cad tá uait-se?” ar seisean leis an mada-ruaḋ.

“Tá, a Ṡoillse,” arsa’n mada-ruaḋ, “go dtaḃarfaí coisiḋeaċt an ġirrḟiaḋ ḋom.” 10

“Leis an bplaoisgín cinn atá ort-sa,” arsa Iúpiter leis an ngirrḟiaḋ, “ní ḟéadfá aon úsáid a ḋéanaṁ de ġliocas an ṁada-ruaiḋ. Agus leis na cosaiḃ sin atá fút-sa,” ar seisean lets an mada-ruaḋ, “ní ḟéadfá an úsáid ċeart a ḋéanaṁ 15 de ċoisiḋeaċt an ġirrḟiaḋ. Tá a ġliocas féin ag an ngirrḟiaḋ agus a ċoisiḋeaċt féin ag an