38
26.—NA CAILÍNÍ AIMSIRE AGUS AN COILEAĊ.
Ċaiṫeaḋ na cailíní eiriġe ċóṁ luaṫ agus ġlaoḋaḋ an coileaċ. Ḃíoḋ san tamall roiṁ lá. Ṫuigeadar ’n-a n-aigne mura mbéaḋ an coileaċ go mbéaḋ tamall sa mbreis de ḋeireaḋ na 5 h-oíḋċe acu sa leabaiḋ go seasgair. Dúḃradar le n-a ċéile gur ḃ’ ḟearr an coileaċ do ṁarḃuġaḋ. Ṁarḃuiġeadar é.
Nuair a fuair bean an tíġe go raiḃ an coileaċ marḃ ġlaoiḋ sí ċuici na cailíní.
10 “A ċailíní,” ar sise leó, “ní ḟeadar an doṁan cad d’imṫiġ ar mo ċoileaċ breaġ. Tá an sgéal ana ċeataċ againn i n-a éaġmuis. An ḟaid a ḃí sé againn ní ḃíoḋ le déanaṁ aċ siḃ a ḋúiseaċt agus do ċur i nḃúr suiḋe ċun na h-oibre nuair 15 a ġlaoḋaḋ sé. As so amaċ ní foláir dom siḃ a ċur i nḃúr suiḋe ar uair an ṁeaḋon-oíḋċe nó ní ḃéaḋ an obair déanta agaiḃ.”
B’éigean dóiḃ eiriġe ar uair an ṁeaḋon-oíḋċe as san amaċ. Ḃí san cúpla uair a’ ċloig nó 20 trí ní ba ṫúisge ’ná mar a ḃí orṫa eiriġe nuair a ḃí an coileaċ ann.
An Múineaḋ.
Má’s maiṫ leat feaḃas a ċur ort féin, tuig go cruinn ad’ aigne naċ le droċ-ġníoṁ a ċuirfir 25 feaḃas ort féin.
Pé saġas an t-olc ba ṁaiṫ teac a leiġeas, má’s