Page:Aesop a tháinig go h-Éirinn, Cnuasach a II.djvu/44

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

40

mada-ruaḋ. Dá mbéaḋ ciall agaiḃ ḃéaḋ siḃ araon sásta. Níor ṁaiṫ an ċiall dóṁ-sa gan 20 a ċur ḟiaċaint oraiḃ ḃeiṫ sásta. Imṫiġiḋ!”

An Múineaḋ.

Sin é atá ag déanaṁ an donais ar an saoġal go léir, gan daoine ḃeiṫ sásta le toil Dé. Gaċ aoinne ag lorg an ruda ná fuil aige agus ná 25 baineann leis, agus gan aon ṁeas aige ar an rud atá aige agus do ḃaineann leis.

Tá gaċ aon rud ’n-a ċeart an ḟaid atá sé ar an gcuma ’n-ar toil le Dia é ḃeiṫ.


28.—AN MADRA AGUS AN ĊAORA.

Ċuir an madra an dlíġe ar an gcaoiriġ ag éileaṁ fiaċ. Do glaoḋaḋ an ċúis. An maċtíre agus préaċán na gcearc an dá ḃreiṫeaṁ. Níor lean an triail i ḃfad. Do tugaḋ an ḃreiṫ i 5 ḃfaḃar do’n ṁadra. Do ṁairḃ an madra an ċaora, agus ṫug sé cuid maiṫ de’n ḟeóil do’n dá ḃreiṫeaṁ.

An Múineaḋ.

Ní’l feall is meara ’ná an feall a ḋeineann 10 an breiṫeaṁ a ġlacann breab. Is ar ḟírinne agus ar ḋílse an ḃreiṫiṁ a ḃíonn gaċ aoinne ag braṫ ċun cirt dlíġe ḋ’ḟáġail. Nuair a ġlacann an breiṫeaṁ an ḃreab baintear na cosa ó’n gceart. Deintear éagcóir i rioċt cirt.