Page:Aesop a tháinig go h-Éirinn, Cnuasach a II.djvu/39

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.

35

24.—AN PRÉAĊÁN AGUS AN SLIOGÁN.

Do fuair an préaċán sliogán n-a raiḃ iasg istiġ ann. Bí sé a d’iarraiḋ an tsliogáin a ḋ’osgailt agus ḃí ag teip air.

Ṫáinig préaċán na gcearc ag triall air.

“Feuċ,” arsa préaċán na gcearc leis, “dá 5 mb’áil leat an sliogán san do ṫógailt leat suas sa n-aer agus leigint dó tuitim uait anuas ar an lic seo anso, do brisfí é, agus ansan ḃéaḋ an t-iasg agat.”

“Is maiṫ an cuiṁneaṁ agat é,” arsa’n 10 préaċán eile. Ṫóg sé an sliogán ’n-a ġob agus siúd suas é. Nuair a ḃí sé tamall maiṫ suas ṫáinig sé cruinn os cionn na lice agus do sgaoil sé uaiḋ an sliogán. Do ṫuit an sliogán ar an lic agus do ḃriseaḋ é. Do ṡnap préaċán na 15 gcearc an t-iasg leis agus d’imṫiġ sé. Nuair a ṫáinig an préaċán eile anuas ní raiḃ roimis ar an dtalaṁ aċ ḋá leaṫ an tsliogáin agus iad araon folaṁ.

An Múmeaḋ. 20

Ná glac ó ḋuine ar biṫ cóṁairle ar ṁaiṫe leis féin.

Ḋein préaċán na gcearc a ġnó gasta go leór. Do rug sé leis an lán béil sin. Ní riṫeann i ḃfad, áṁṫaċ, le daoine de’n tsórd ran. Ní 25