Page:Aesop a tháinig go h-Éirinn, Cnuasach a II.djvu/38

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.

34

’n-a coinniḃ. Má ṡeasaiṁ, d’eiriġ na préaṁaċa agus an fód i n-aon sgailp aṁáin agus do síneaḋ 20 an dair ar an bport.

D’imṫiġ an stoirm. Do ṫóg an ḃroḃ a ċeann. Ċonnaic sé an dair sínte. Ní dúḃairt sé focal. Do laḃair an dair.

“Is iongantaċ an sgéal é!” ar seisean. 25 “Tusa ad’ ṡeasaṁ agus mise ar lár ! Ní féidir liom é ṫuisgint.”

“Nuair a ṫáinig an neart sa ġaoiṫ,” arsa’n broḃ, “do ċromas mo ċeann agus do sgaoileas ṫarm í.”

30 “Agus tá do ċeann i n-áirde arís agat ċóṁ h-aibiġ agus a ḃí riaṁ! Deinis an ceart. Ní’l againne aċ neart áiriġṫe. Neart gan teóra is eaḋ neart na gaoiṫe.”

“Agus cad ’n-a ṫaoḃ nár ċromais mar a 35 ḋeineas-sa?” arsa’n broḃ.

“Ní ḟéadfainn é,” arsa ’n dair. “Ḃí an iomad de’n stailc ionam.”

An Múineaḋ.

“Míne fri garg.
40 Íseal fri ard.”
(Bríġid Naoṁṫa.)

“Is fearr míne ’ná boirḃe ṁór.”

“Is fearr teiṫeaḋ maiṫ ’ná droċ-ṡeasaṁ.”

“Ní h-ag an láidir a ḃíonn an buaḋ i gcoṁ- 45 nuiḋe.”