Page:Aesop a tháinig go h-Éirinn, Cnuasach a II.djvu/40

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.

36

ḃeirid siad an tarna lán béil aċ ó amadán éigin. Bíonn an t-amadán féin maiṫ a ḋóiṫin dóiḃ sa deireaḋ. Ansan bíonn gaċ aoinne ag coimeád uaṫa amaċ agus ní ḃíonn acu aċ gorta agus 30 uaigneas. B’ḟearr an ṁacántaċt ó ṫosaċ.


25.—AN ĠRIAN AGUS AN ĠAOṪ.

“Is dóiċ leat-sa,” arsa’n ġrian leis an ngaoiṫ, “go ḃfuileann tú ana láidir.”

“Is treise mé ’ná ṫusa, pé i n-Éirinn é,” arsa’n ġaoṫ.

5 “Cuirfiḋ mé geall leat naċ treise,” arsa’n ġrian.

“Conus a ṫrialḟaimíd sinn féin?” arsa’n ġaoṫ.

“An ḃfeiceann tú an fear fan ṫall atá ag 10 cur na slíġe ḋe?”

“Ċím,” arsa’n ġaoṫ.

“Feiceam cé ’cu againn a ḃainfiḋ an ċasóg dé,” arsa’n ġrian.

“Tá go maiṫ,” arsa’n ġaoṫ. “Cé ’cu againn 15 a ṫosnóċaiḋ?”

“Bíoḋ an ċéad iarraċt agat-sa,” arsa’n ġrian.

Do ṡéid an ġaoṫ ar an ḃfear. Má ḋein, d’ḟáisg an fear an ċasóg air. Do ṡéid an ġaoṫ 20 air ní ba ḋéine. Má ḋein, d’ḟáisg sé an ċasóg ní ba ḋaingine. Ṡéid sí air i dtreó gur leag