Page:Aesop a tháinig go h-Éirinn, Cnuasach a II.djvu/26

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.

22

“Caiṫfead a ḋéanaṁ,” arsa’n maċtíre. Táim caillte leis an ocras. Níor iṫeas blúire le ḋá lá.”

“Ní maiṫ an ċiall duit mise ḋ’iṫe anois,” 10arsa’n madra. “Ní’l coṫuġaḋ ró ṁaiṫ orṁ le tamall, agus táim ana lom. Aċ beiḋ pósaḋ anso amáireaċ agus beiḋ ana ċoṫuġaḋ orm go ceann roinnt laeṫanta. Ansan beiḋ mé raṁar breaġ, agus beiḋ rud éigin de ḃéile agat ionam má 15ṫagann tú.”

“Ḃ'ḟéidir go ḃfuil an ceart agat,” arsa’n maċtíre, agus d’imṫiġ sé.

Roinnt laeṫanta ’n-a ḋiaiġ san ġaḃ sé an treó arís. Ċonnaic sé an madra laistiġ de’n dorus.

20“Seaḋ,” ar seifean, “tar ċugam amaċ anso fé mar a ġeallais, go n-iṫead ṫú. Is fíor an rud a dúḃraís. Taoi’nn tú ag feuċaint go h-áluinn agus go feólṁar indiu. Is maiṫ a ḋeinis é gan leigint dom ṫú ḋ’iṫe an tá eile úd.”

25“An airiġeann tú leat mé?” arsan madra. “Nuair a ḃéarfair am’ ċodlaḋ orm-sa arís lasmuiċ de’n dorus, ná fan leis an gcóisire.”

An Múineaḋ.

Seaċain-se agus ná bíoḋ dálṫa an ṁadra úd 30ort. Ná tuiteaḋ do ċodlaḋ ort sa n-áit n-a ḃféadfaiḋ do naṁaiḋ teaċt a gan ḟios ort. B’ḟéidir naċ é gaċ aon ṁaċtíre a ḋ’ḟanfaḋ leis an gcóisire an ċéad uair féin.