23
15.—AN MADA-RUAḊ AGUS AN t-APA.
Ḃuail an ḃeirt umá ċéile sa ċoill lá fuar. D’ḟeuċ an t-apa ar an sguaib ḃreaġ, ṁór, ḟada, ṫromaiḋe a ḃí laistiar ar an mada-ruaḋ, agus gan aon rud laistiar air féin idir é agus an fuaċt.5
“Féuċ,” ar seisean, “a ṁada-ruaiḋ, tá ḃreis ṁór agus do ḋóiṫin sa n-earball san atá ort-sa. Tá sé d’á ṫarrang sa draoib ad’ ḋiaiġ. Ḋéanfaḋ a leaṫ do ġnó-sa agus ḃéaḋ do ḋóiṫin mór ann. Taḃair dóṁ-sa cuid dé, agus beiḋ mé ana10 ḃuiḋeaċ díot.”
“Ná bí am’ boḋraḋ, a rascail!” arsa ’n mada-ruaḋ. “Má tá earball ḃreaġ orm is liom féinig é. Is é mo ċuid féin é. A leaṫ a ṫaḃairt ḋuit-se! Airiú, naċ breaġ bog atá do ċroiceann15 ort! Ní ṫaḃarfad go deiṁin, ná oiread agus ruibe ḋe ḋuit. D’á mbéaḋ sé d’á ṫarrang sa draoib am’ ḋiaiġ go deó ní ḃfaġair-se aon ruibe ḋé. Ná bí ag braṫ air go ḃfaġair. Ní ṫaḃar- fainn mar ṡásaṁ duit aon ruibe ḋe ṫaḃairt20 duit, feuċ.”
“Ó,” arsa ’n t-apa,” naċ neaṁmaiṫeaċ an duine ṫú!” agus d’imṫiġ sé.
An Múineaḋ.
“Bíoḋ rud agat féin nó bí i n-a éaġmais,”25 adeir an sean-ḟocal.