Page:Aesop a tháinig go h-Éirinn, Cnuasach a II.djvu/25

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.

21

13.—AN MADA-RUAḊ AGUS AN LEOṀAN.

An ċéad uair a ċonnaic an mada-ruaḋ an leóṁan ba ḃeag ná gur ṫuit an t-anam as le sgannrad.

An tarna h-uair a ḃuail sé uime ní raiḃ leaṫ eagla air.5

An tríoṁaḋ h-uair a ḃuail sé uime ní raiḃ blúire eagla air. Ḋein sé air suas agus do labair sé leis go soilḃir agus go deaġ-ċóṁarsanaċ, díreaċ mar a laḃarfaḋ sé le mada-ruaḋ eile.

An Múineaḋ.10

Tagann droċ-ṁeas a’ caidreaṁ.

“Nuair a ṫéiġeann an gaḃar isteaċ sa teampall ní stadann sé go dtéiġeann sé suas ar an altóir.”

“Is maiṫ é an t-eagla ċur ar an madra.”15


14.—AN MAĊTÍRE AGUS AN MADRA.

Ṫáinig an maċtire ar an madra agus an maḋra ’n-a ċodlaḋ lasmuiċ de ḋorus an tiġe.

“Tá ocras orm,” arsa’n maċtíre. “Ní mór ḋom tú ḋ’iṫe láiṫreaċ.”

“Ó, faire fút, ná dein!” arsa’n maḋra.5