Page:Aesop a tháinig go h-Éirinn, Cnuasach a II.djvu/17

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.

13

“Is ait an sgéal é,” ar seisean. “An fear san ag tabairt an ḟeasa go léir dúinne, agus ní raiḃ ḟios aige a ṫiġ féin a ḃeiṫ tré ṫeine!”

An Múineaḋ. 15

Ní h-iad luċt an ḟeasa aṁáin go mbíonn an sgéal mar siúd acu go minic. An t-é is fearr eólus ar ġnó an ḟir ṫall is minic gus b’ é sin an t-é is lúġa eólus ar a ġnó féin. Bíonn an dá ṡúil aige ar ṫiġ an ḟir ṫall, agus ní ḟeiceann 20 sé a ṫiġ féin tré ṫeine. Is lúġa a ċiall ’ná ciall fir an ḟeasa. Do ġeiḃeaḋ fear an ḟeasa díol- uiġeaċt as an eólus a ḃí aige ar ġnó an ḟir ṫall. Bíonn an duine seo adeirim ag tabairt an eóluis uaiḋ coitċianta agus ní ġeiḃeann sé aon díoluiġ- 25 eaċt as. Agus tugann sé failliġe ’n-a ġnó féin. Agus bíonn a ṫiġ tré ṫeine.


8.—AN SEALGAIRE AGUS AN LONDUḂ.

Ḃí an sealgaire ag cur báite ar an lion ċun beirṫe ar éanaiḃ. Ċonnaic an londuḃ é.

“Cad ’tá agat ’á ḋéanaṁ ansan?” arsa’n londuḃ.

“Caṫair a ṫeastuiġeann uaim a ḋéanaṁ ann,” 5 arsa’n sealgaire, agus d’imṫiġ sé.

Ní raiḃ aon droiċ-iontaoiḃ ag an londuḃ as