D’éirigh a spéaclaí chomh dallta le taisleach ag dul síos staighre dhó is gurbh éigean dó a mbaint dá nglanadh. Bhí dúil dóite aige dul ar foluain san aer tríd an díon agus eitilt leis go tír eile nach gcloisfeadh sé choíche faoina sháinn inti, ach fós féin bhrú fórsa éigean síos staighre é céim ar chéim. Thíos faoi bhí dreach dúr a fhostóra agus na Mná Uaisle á choimhéad. Bhuail sé le Jack Mooney ag an chor deireanach staighre agus eisean ag dul suas le dhá bhuidéal Bass ón chuile ina lámha. Thugadar beannacht dá chéile go doicheallach; agus lonnaigh súile an lánúin ar aghaidh righin bulladóra agus ar lámha giortacha téagartha ar feadh dhá mheandair. Thug sé súil in airde ag bun an staighre gur chonaic Jack ag dearcadh air ó dhoras an tseomra bheag chor staighre.
Buaileann cuimhne é den oíche a rinne duine de na ceoltóirí halla ceoil, fear beag fionn as Londain, a rinne sé tagairt sách teanntásach do Polly. Dóbair nár thit an oíche airneáin as a chéile mar gheall ar fhoréigean Jack. Rinne gach aon duine iarracht chur foighne ann. D’fhan aoibh fhaiteach gháire ar an cheoltóir, a raibh dath níos báine ná mar ba ghnách air, agus dúirt arís agus arís eile nár mheas aon dochar a dhéanamh: ach lean Jack air ag béiceadh as go gcuirfeadh sé a fhiacla lofa síos a scornach ar aon duine a shílfeadh déanamh a leithéide d’ealaín lena dheirfiúr féin, dhéanfadh sé sin.
____________________________________
D’fhan Polly ina suí ar cholbha na leapan ag gol. Ansin thriomaigh sí a súile agus chuaigh anonn chuig an scáthán. Thum sí binn an tuáille sa chrúsca uisce a thabhairt suaimhnis dá súile ón