Jump to content

Page:1917 Dubliners by James Joyce.djvu/88

From Wikisource
This page has been proofread.

uisce fionnuar. D’amhairc ar thaobh a cinn sa scáthán agus d’athshocraigh a biorán gruaige os cionn a cluaise. Ansin d’fhill sí ar an leaba gur shuigh síos ag a bun. Dhearc ar na ceannadhairteanna ar feadh achair fada. Thugadar uaireanta rúnda lácha chun cuimhne dhi. Lig sí baic a muiníl anuas ar an ráille leapan iarainn fionnuair agus lig a smaointe ar fán. Ní raibh rian dá laghad buartha ina dreach níos mó.

D’fhan sí mar sin ag feitheamh, go soilbhir nach mór, gan imní gan scanradh uirthi. Ghéill a cuimhní cinn do dhóchas as an tsaol amach roimpi agus do bhrionglóidí ar an todhchaí. Bhí a brionglóidí chomh domhain is nár nár fhaca sí na ceannadhairt ar lonnaigh a súile orthu agus nár chuimhin léi céard leis a bhí sí ag feitheamh. Faoi dheireadh chuala sí a máthair ag glaoch uirthi. D’éirigh de phreab agus rith chuig na rungaí staighre.

“Polly! Polly!”

“Céard é, a mhamaí?”

“Tar anuas, a stór. Ba mhaith le Mr Doran labhairt leat.”

Ansin chuimhnigh sí ar cad leis a raibh sí ag feitheamh.