Page:1917 Dubliners by James Joyce.djvu/86

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

déanta de fhlainín priontáilte á chaitheamh aici. Bhí dealramh i ndroim a coise gile le feiceáil trí oscailt a slipéar clúmhach agus bhí luisne a fola ina cneas cumhraithe. Bhí boladh lag cumhráin as a lámha freisin agus í ag coinneáil na coinnle socair.

Sna hoícheanta a thagadh sé abhaile go déanach, ba ise a théadh a dhinnéar dó. Is ar éigean féin a bhíodh a fhios aige céard a bhí á ithe aige agus sise amháin lena ais sa tigh marbh. Agus a chineálta is a bhí sí. Dá mbeadh an oíche fuar nó fliuch nó gaofar ar dhóigh ar bith, bhíodh timbléar puins faoina choinne. B’fhéidir go mbeidís sona le chéile...

Théidís suas staighre le chéile ag deireadh na hoíche ar bharraicíní na gcos, coinneal an duine acu, agus ar an tríú léibheann d’fhágaidís slán lena chéile go drogallach. Thugaidís póg dá chéile. Ba chuimhin leis go grinn a súile, a lámh in a láimhse agus an rámhaille a bhíodh air...

Tránn rámhaille agus sceitimíní áfach. Rinne sé aithris ar a ráiteas siúd ós íseal, dá chur ina leith féin: “Céard a dhéanfad?” Thug nádúr an bhaitsiléara fainic air coinneáil glan ó phósadh. Ach ba léir an peaca dhó; thug go fiú amháin a chiall aige féin d’oineach le fios dó nár mhór éiric a íoc in a leithéid de pheaca.

Fad is a bhí sé ina shuí ar chiumhais na leapan, tháinig Mary don doras a rá gur theastaigh ón missus labhairt leis sa pharlúr. Sheas sé suas a chur a bhástchóta is a chóta air féin, é níos éidreoraí ná riamh. Nuair a bhí sé gléasta suas, tháinig ionsuirthi dá cur ar a suaimhneas. Bheadh sé ceart go leor, níor chúis imní é. D’fhág sé í ina dhiaidh ar an leaba agus í ag gol agus ag éagaoin: “A Dhia!”